Fógra Sábháilteachta maidir le Gearrthacha Beartaithe

Gearrthacha cumhachta beartaithe

Ag ESB Networks, déanaimid líonra cumhachta na hÉireann a chothabháil agus a thógáil. Cuid lárnach dár ról is ea an líonra a threisiú, acmhainn a mhéadú i gceantair áirithe nó damáiste stoirme a dheisiú. Leis an obair sin a dhéanamh go slán sábháilte caithfimid an chumhacht a mhúchadh sa cheantar atá i gceist. Tá teachtaireacht téacs faighte agat toisc go bhfuil gearradh cumhachta beartaithe i do cheantar.

Rabhadh Sábháilteachta:

Ba cheart duit glacadh leis go bhfuil an ceangal le do theach BEO i rith gach gearrtha de bharr go bhféadfadh an soláthar leictreachais teacht ar ais ag am ar bith, ar feadh tréimhsí gairide in amanna, agus an obair ar bun.  Gach trealamh leictreonach agus aon trealamh eile a d’fhéadfadh a bheith ina ghuais shábháilteachta nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, moltar duit iad ar fad a mhúchadh.  Má tá GINEADÓIR LEICTREACHAIS agat, déan cinnte de go bhfuil sé ag teacht le rialacha sreangaithe an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) agus go bhfuil sé ceangailte dá réir ionas nach bhféadfadh sé cumhacht a fhothú isteach i gcóras ESB Networks.  Is ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht custaiméirí eile atá sé sin. 

Ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh lenár bhFoireann Cúraim Custaiméirí ar 1800 372 757021 2386555 má bhíonn tuilleadh eolais uait. Bíodh a fhios agat go n-iarrfar do MPRN 11 digit ort ar an nglao. Luaitear an uimhir sin ar do bhille leictreachais agus tosaíonn sí ar M10...

I gcásanna éigeandála, glaoigh ar

1800 372 999

021 2382410


Aiseolas:

Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait faoin bhfógra teachtaireachta téacs seo. Cliceáil anseo le suirbhé a dhéanamh.


Tuilleadh eolais:
Fógra Príobháideachais

worker fixing wires

Tá muid anseo 24/7
ÉIGEANDÁLA
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30