Sábháilteacht Leictreachais sa Bhaile

Leideanna Ginearálta Sábháilteachta

Ar mhaithe le do shábháilteacht féin, ná cuir isteach ar an aonad séalaithe príomhfhiúis ná ar an aonad méadair arna gcur ar fáil ag ESB Networks.

  • Coinnigh súil amach do shreanga caite, naisc scaoilte agus plocóidí damáistithe agus cuir cinn nua ina n-áit láithreach bonn
  • Múch fearais leictreacha agus díphlugáil iad nuair nach mbíonn siad in úsáid
  • Scaoil cáblaí sínteacha go hiomlán i gcónaí d'fhonn róthéamh a sheachaint
  • Ná rólódáil soicéid le cuibheoirí ná le bloic shínidh
  • Tástáil do lasc thuisleach nó do ghaireas srutha iarmharaigh (RCD) dhá uair sa bhliain (nuair a chuirtear na cloig ar aghaidh nó siar, cuir i gcás) tríd an gcnaipe tástála a bhrú.
  • Tástáil d'aláram deataigh agus d'aláram carbóin aonocsaíde dhá uair sa bhliain (nuair a chuirtear na cloig ar aghaidh nó siar)
  • Iarr ar chonraitheoir leictreach cláraithe obair leictreach a dhéanamh duit i gcónaí
electricity poles and wires

Leideanna Sábháilteachta maidir le Leictreachas Amuigh faoin Aer

  • Seiceáil i gcónaí le haghaidh sreanga leictreachais lastuas
  • Ná téigh gar do shreanga leictreachais leagtha agus ná leag lámh orthu in aon chás. D'fhéadfaidís a bheith beo.
  • Ná ceangail aon rud de chuaille ná de shreang leictreachais in aon chás.
  • Ná tabhair faoi obair gar do shreanga lastuas ná do chuaillí.

Faigh níos mó leideanna sábháilteachta thíos

Le cabhair éigeandála a fháil, déan teagmháil le ESB Networks hUimhir Éigeandála 24 Uair1800 372 999

Cosaint ar Bhorradh Voltais

Bíonn gach Líonra Leictreachais faoi réir athruithe voltais ó am go chéile mar gheall ar thintreach, stoirmeacha nó cúiseanna eile damáiste. Is féidir le d’fhearais leictreacha féin athruithe a dhéanamh don voltas. Féadfaidh na hathruithe sin cur isteach ar fheidhmiú éifeachtach fearas nó trealaimh íogair.

Is féidir leat feiste cosanta borrtha nó SPD a úsáid chun trealamh leictreonach íogair a chosaint

Iarr ar do Chonraitheoir Leictreach cláraithe SPD a shuiteáil ar do bhord dáileacháin nó

Úsáid bord soicéad / luaidhe síneadh le SPD ionsuite - ar fáil go forleathan ó mhiondíoltóirí maithe.

Tá muid anseo 24/7
CÁS ÉIGEANDÁLA/GAN CHUMHACHT
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine | 08:30 to 18:00 | Satharn | 08:30 to 13:30