Beartas Léite Méadar

ESB Networks agus Léamh Méadar

Is é ESB Networks atá freagrach as na méadair leictreachais i ngach teach agus i ngach gnóthas in Éirinn. Léimid gach cineál méadar, lena n-áirítear méadair mheicniúla, leictreonacha agus Íoc-mar-a-Úsáidtear.

Cuir isteach léamh méadair

Méadar a Léamh: ceisteanna coitianta

Léamh Méadair gach Ceathrú Uaire

I gcás tomhaltóirí móra tráchtála agus tionsclaíocha, úsáidtear an Méadrú de réir na Ceathrún Uaire (QH). Déanann na méadair seo taifead ar an ídiú leictreachais do gach tréimhse 15 nóiméad i gcaitheamh an lae..

Níl an t-eolas sin ar fáil ar thaispeáint an mhéadair. Ina áit sin, taispeánann an méadar iomlán carnach an ídithe lae agus oíche. Léimid na méadair QH ar fad trí chian-nasc. Tar éis dúinn na sonraí a bhailíochtú, tugaimid na léamha ar aghaidh do do sholáthraí.

Mura n-éiríonn linn do mhéadar a léamh, tabharfaidh duine dár dteicneoirí cuairt ar do áitreabh leis an bhfadhb a réiteach. Féadfaidh an teicneoir sin na léamha a bhailiú ó amharc, más gá.

Úsáid Mheasta nuair a Bhíonn Gearradh Cumhachta ann 

 

Mar chuid de ról ESB Networks mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, táimid ceadúnaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) le seirbhísí méadair agus sonraí a chur ar fáil don mhargadh leictreachais in Éirinn.  Cuirimid léamha méadair iarmhír agus measta ar fáil do sholáthróirí leictreachais, a úsáideann na léamha sin le húsáid leictreachais a ríomh agus le sonrasc a thabhairt don chustaiméir i gcomhréir leis an gconradh agus leis an taraif atá aontaithe idir an soláthróir agus an custaiméir.

 

Tá ESB Networks ag fiosrú fabht a bhí ag tarlú ó am go ham do líon beag custaiméirí méadair chliste (0.7% de na méadair chliste ar fad suiteáilte) a ndéantar billeáil orthu in aghaidh na leathuaire amháin faoi láthair.  Tar éis gearradh cumhachta, fuair na custaiméirí áirithe sin úsáid mheasta don tréimhse ghearr nuair nach raibh aon soláthar cumhachta ann.  Tá an meánluach in aghaidh an chustaiméara níos lú ná trí aonad leictreachais.

 

Tá sé léirithe ag an imscrúdú a rinneamar gur tháinig an fabht chun cinn mar gheall ar fholáireamh córais a réitíodh agus ar cuireadh bearta i bhfeidhm ina leith lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís amach anseo. Níl aon ghníomh ag teastáil ar thaobh an chustaiméara, mar go bhfuilimid tar éis na custaiméirí a bhí thíos leis a aithint. Táimid ag obair leis an CRU agus le soláthróirí leictreachais chun a chinntiú go n-eiseofar aon choigeartuithe atá ag dul do na custaiméirí seo de réir próisis tionscail.


Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn
R-phost
Contact Us