Leideanna Sábháilteachta maidir le Trealamh Lasmuigh

Leideanna Sábháilteachta maidir le Trealamh Lasmuigh

  • Déan deimhin de go bhfuil gléas ciorcaid iarmharaigh suiteáilte agat nó bíodh gléas ionphlugála ciorcaid iarmharaigh agat do na huirlisí agus don trealamh go léir a úsáideann tú sa gharáiste nó sa ghairdín
  • Ná húsáid uirlisí leictreacha sa ghairdín má thosaíonn sé ag cur báistí nó má bhíonn tú ag cur uisce ar an ngairdín
  • Seiceáil fearais, fleisceanna agus barra plocóidí sula n-úsáideann tú iad
  • Ná deisigh fleisc nó barr plocóide a ndearnadh damáiste dóibh - faigh cinn nua
  • Coinnigh fleisceanna sraoilleacha glan amach ó lanna lomairí faiche, lomairí fáil agus sábha leictreacha
  • Díphlugáil lomaire faiche nó fáil sula mbaineann tú féar nó smionagar ó na lanna
  • Ná cuir fad le fleisc trí phíosa a cheangal léi nó trí nasc plocóide agus soicéid a rinneadh sa bhaile; ceannaigh ceann d’fhad oiriúnach chun críocha úsáide amuigh nó úsáid spól cábla sínteach a faomhadh
  • Ná fág fearais ná uirlisí plugáilte isteach is gan aon duine ina mbun
  • Caith buataisí láidre rubair nuair a úsáideann tú fearais sa ghairdín; tugann lámhainní cosaint bhreise freisin
  • Lean treoracha an déantóra i gcónaí maidir le húsáid éadaí cosanta, gloiní cosanta agus coisbhirt
  • Bí an-chúramach faoi uirlisí gearrtha atá faoi thiomáint innill

Soilse agus Caidéil Uisce sa Ghairdín

  • Bí cinnte de gur tugadh rátáil maidir lena n-úsáid amuigh faoin aer do gach caidéal agus solas sa ghairdín.
  • Caithfidh conraitheoir leictreachais cláraithe an sreangú buan lasmuigh a dhéanamh.
  • Ní mór cáblaí a chur sa talamh ar dhoimhneacht oiriúnach. Na croch cáblaí, fiú cáblaí ísealvoltais, i bhfálta ná ar phlandaí, taobh le cosáin ná le ciumhsóga bláthanna. D’fhéadfá an cábla a ghearradh go héasca agus tú ag garraíodóireacht agus gortú tromchúiseach a dhéanamh.

Naisc Bhainteacha

Tá muid anseo 24/7
ÉIGEANDÁLA
1800 372 999
Fiosrúcháin Ghinearálta
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30