Seo an méid atá le déanamh agat chun bheith athnasctha:
- Is gá a bheith cláraithe le soláthraí leictreachais. Gheofar liosta iomlán de sholáthraithe leictreachais anseo.
- Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) an áitribh.
- Deimhniú sreangaithe
- Ábalta le bheith ar an áitreabh maidin nó tráthnóna an athnasctha. Más rud é nach mbeidh tú ar fáil, is féidir leat duine atá os cionn 18 mbliana d’aois a chur i d’áit.
An chéad chéim eile
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí leictreachais agus an MPRN a lua leis an athnascadh a ordú.
Beidh deimhniú sreangaithe ag teastáil don athnascadh. Ba cheart socrú a dhéanamh le go dtiocfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais chun féachaint ar an sreangú agus deimhniú sábháilteachta a thabhairt. Cuirfidh an conraitheoir leictreachais an deimhniú sreangaithe chuig Safe Electric a chuirfidh ESB Networks ar an eolas. Agus an fógra sin faighte, eiseofar an t-ordú don athnascadh.
Agus an t-ordú sin eisithe, tabharfaidh an córas atá againn an jab do Theicneoir de chuid ESB Networks a thabharfaidh cuairt ar an láithreán taobh istigh den ghnáth-thréimhse de 2 go 5 lá oibre leis an athnascadh a chur i gcrích. Má tharlaíonn nach féidir leis an Teicneoir ó ESB Networks an t-athnascadh a chur i gcrích ar chúis éigin, déanfar ár bhFoireann Sceidealaithe teagmháil leat chun coinne eile a shocrú.
Gheobhaidh tú coinne i dtréimhse, idir 9 r.n. agus 1 i.n. nó 1 i.n. agus 5 i.n. Tiocfaidh Teicneoir ó ESB Networks amach le linn na tréimhse ceaptha sin leis an athnascadh a chur i gcrích. Má thagann fadhb chun cinn, déanfaidh siad teagmháil leat an lá roimh an gcoinne. Má tharlaíonn nach gcloímid leis an dearbhú seo, íocfaimid €35 leat de réir mar atá leagtha amach inár gCairt Custaiméirí.
Nuair a bheidh an t-athnascadh curtha i gcrích, gheobhaidh an soláthraí an léamh méadair ó ESB Networks lena chur in iúl dóibh tosú ar an timthriall billeála.
Féach na Ceisteanna Coitianta má bhíonn tú ag iarraidh tuilleadh sonraí faoi bheith nasctha arís.