Gineadóir Neamh‑Easpórtála a Nascadh leis an Líonra Leictreachais

Oibríonn gineadóirí neamh‑easpórtála (MEC=0) i dtreocheangal leis an gcóras dáileacháin leictreachais. Ní féidir gineadóirí dá leithéid a úsáid le leictreachas a easpórtáil chuig an líonra leictreachais ná le leictreachas a sholáthar ná a dhíol tríd an gcóras dáileacháin. 

  • Custaiméirí atá ag déanamh iarratais le hacmhainn ghiniúna neamh‑easpórtála a shuiteáil, ní mór dóibh foirm iarratais NC5 a chomhlánú le go bhféadfar measúnú tráchtála agus teicniúil a dhéanamh air. Beidh sonraí an mheasúnaithe sin, agus aon oibreacha uasghrádaithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, leagtha amach i dtairiscint nasctha an chustaiméara. Custaiméirí atá le hacmhainn ghiniúna leabaithe neamh‑easpórtála a shuiteáil, tá sé tábhachtach go léifidís agus go dtuigfidísNa Coinníollacha lena Rialaítear Naisc leis an gCóras Dáileacháin (Íoslódáil PDF | 1,224 KB) sula ndéanfaidh siad iarratas, chomh maith le breathnú ar an treoir céim ar chéim ag bun an leathanaigh seo. 
  • D’fhonn caighdeán a leagan síos maidir leis an modh a gcinntíonn custaiméirí nach ndéanann siad leictreachas a easpórtáil chuig an gcóras dáileacháin, beidh athsheachadán cumhachta droim ar ais ag teastáil le ceachtar den acmhainn ghiniúna leabaithe nó de shaoráid an chustaiméara a thruipeáil. Leagfar amach sonraí maidir leis sin sa tairiscint nasctha. Tabhair faoi deara gurb iondúil, agus ESB Networks ag déanamh tástáil dearbhaithe ar an athsheachadán, nach mbeadh gá le ‘malartú amach’ lena dhea‑fheidhmiú a dhearbhú.

Riachtanais maidir le trealamh SCADA: 

  • Ar leasú [#36] a rinneadh le déanaí ar an gCód Dáileacháin tá an ceanglas go gcaithfidh EirGrid a bheith in ann aon acmhainn ghiniúna leabaithe neamhshioncrónach ar mó ná >1MW í a rialú. Chuige sin, caithfear trealamh Rialaithe Maoirseachta agus Fála Sonraí (SCADA) a shuiteáil, lena n‑áirítear Cianaonad Teirminéil (RTU), SCADA an Oibreora Córais Dáileacháin, Raidió Faireacháin agus Cadhnraí. Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an gceanglas seo fiú i gcás nach n‑easpórtáiltear cumhacht ón láithreán.

Treoir Céim ar Chéim

Note

For Connections made after September 2018 some Distribution Code Conditions may change, arising from the need to be aligned with European Network Codes.

European Network Codes

Má tá sé ar intinn agat gineadóir a nascadh chun fuinneamh a easpórtáil chuig an líonra leictreachais, téigh chuig Naisc Ghineadóra.

 
Déan teagmháil linn