Guaiseacha Leictreacha
Sábháilteacht an Phobail agus Guaiseacha Leictreacha
Tá sé mar thosaíocht againn gach duine a choinneáil sábháilte agus a chosaint ar ár líonra leictreachais. Déantar na sócmhainní go léir atá ag ESB Networks a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil lena chinntiú go mbeidh an pobal sábháilte.
Comhartha Rabhaidh
Fan amach ó threalamh a bhfuil na comharthaí guaise seo air. Má tagann fabht air, d’fhéadfadh sé a bheith baolach dul gar dó. Má fheiceann tú aon rud neamhghnách ag baint le trealamh ar a bhfuil ceann de na comharthaí sin m.sh. sreang tuithe nó poll i sconsa fostáisiúin, glaoigh ar ár n-uimhir éigeandála 1800 372 999 nó +353 21 238 2410
Fan slán agus fan amach nuair a fheicfidh tú ceann ar bith acu seo:
![minipillar](/images/default-source/page-specific-images/minipillar-square.jpg?Status=Master&sfvrsn=3842af66_5)
Mionbhosca
![electricity pylon](/images/default-source/page-specific-images/electricity-pole.jpg?Status=Master&sfvrsn=31602a72_5)
Piolón Leictreachais
![substation](/images/default-source/page-specific-images/substation.jpg?Status=Master&sfvrsn=1bf4d121_5)
Fostáisiún
![fallen electricity lines](/images/default-source/page-specific-images/fallen-lines.jpg?Status=Master&sfvrsn=f3efb28b_5)
Sreanga Tite
![electricity pole](/images/default-source/page-specific-images/electricity-pylon.jpg?Status=Master&sfvrsn=273ac01f_5)
Cuaille Leictreachais
Leideanna Ginearálta Sábháilteachta
- NÁ DREAP CHOÍCHE isteach i bhfostáisiún i ndiaidh liathróide nó aon rud eile
- NÁ CAITH rópa ná sreang thar líne lastuas IN AM AR BITH
- NÁ DREAP GO DEO ar phiolón ná ar chuaille leictreach
- NÁ CEANGAIL stiallbhratacha ná bratacha do chuaillí ná do threalamh leictreacha IN AON CHÁS
- Má bhíonn tú ag siúl i limistéar ina bhfuil línte cumhachta lastuas agus rudaí fada mar chuaillí miotail nó earraí iascaireachta agat, iompar iad comhthreomhar leis an talamh i gcónaí
- Ná déan dearmad ar línte cumhachta lastuas má bhíonn tú a chur suas aeróga teilifíse nó crainn raidió ag carbháin nó ag tithe soghluaiste