Leideanna Sábháilteachta Cistine
Ba cheart cúram ar leith a dhéanamh nuair a bhíonn tú ag úsáid fearas sa chistin. D’fhéadfadh leictreachas, uisce, fleisceanna sraoilleacha agus dromchlaí teo timpeallacht bhaolach a chruthú.
Tabhair aire do na leideanna sábháilteachta thíos.
Leideanna Sábháilteachta
- Bíodh do lámha tirim agat agus tú ag baint de phlocóidí agus lasca
- Ná fill fleisceanna timpeall citil, iarainn nó tóstaeir nuair atá siad fós te mar go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do na fleisceanna
- Díphlugáil fearas sula nglanann tú é
- Má ghreamaítear arán i tóstaeir díphlugáil é sula ndéanann tú iarracht é a scaoileadh
- Ná líneáil panna gríoscáin le scragall cócaireachta toisc go bhféadfadh an scragall teagmháil le losa beo
- Díphlugáil citeal leictreach sula líonann tú é agus déan deimhin de go bhfuil an eilimint clúdaithe le huisce
- Díphlugáil iarann gaile sula líonann tú é
- Bí cinnte nach bhfuil fleisceanna ag síneadh thar iarta an chócaireáin nó thar dhoirteal