Loga Nochta SF (Saoráil Faisnéise)
Iarratais um Shaoráil Faisnéise a fuair Oifig Saorála Faisnéise ESB Networks DAC, Ráithe 3 2022 – R2 2023
Tábla 1 - Loga Nochtuithe SF
Dáta a Fhála | Catagóir an Iarrthóra | Cur Síos ar an Iarratas | Stádas | Dáta an Chinnidh | Uimhir aitheantais | |
---|---|---|---|---|---|---|
28/06/2023 | Cliant | Ainm, uimhir theileafóin oibre agus seoladh ríomhphoist oibre do Bhainisteoir ESB Networks i réigiún an Iarthuaiscirt | Tarraingthe Siar | 07/07/2023 | FOI10470 | |
26/06/2023 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Tá roinnt taighde á dhéanamh agam maidir le gnó giniúna cumhachta gréine a bhunú agus mar chuid den taighde seo, tháinig mé ar bhur léarscáil giniúna. Ar an drochuair, tá na sonraí as dáta le fada an lá. An bhféadfadh sibh na sonraí a nuashonrú nó mé a threorú i dtreo foinse eile sonraí a bheadh ar chomhchéim leis an léarscáil sin? | Tarraingthe Siar | 07/07/2023 | FOI10469 | |
15/06/2023 | Cliant | Ba mhaith liom an fhaisnéis seo a leanas a iarraidh- - faisnéis a bhaineann le cuaillí ESB in Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 . Seol ar an ríomhphost chugam na taifid a bhaineann leis na nósanna imeachta nó na sceidil a bhaineann le cothabháil cuaillí ESB in Inse Chór ar na bóithre seo a leanas - Ardán Partridge - Ascaill an Iarnróid - Sráid an Naisigh - Ardán Uí Rinn - Sráid Uí Rinn - Páirc Thír Chonaill - Sráid Thír Chonaill - Bóthar Thír Chonaill - Sráid Naomh Uinseann Thiar - Bóthar Emmet - Bóthar na Siúire Cé chomh minic a dhéantar iniúchadh ar chuaillí solais ESB le haghaidh cothabhála? Cad é an gnáthamh cothabhála bliantúil do chuaillí ESB in Inse Chór ar na bóithre seo? Tá an t-eolas seo á lorg ag grúpa cónaitheoirí áitiúla in Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 a bhfuil cónaí orthu sa cheantar ina bhfuil na sráideanna seo. Cén dáta a rinne ESB an t-iniúchadh cothabhála deireanach ar na cuaillí seo? | Diúltaithe | 21/06/2023 | FOI10465 | |
09/06/2023 | Cliant | Is mian liom rochtain a fháil ar thaifid maidir le frithchaiteoirí a chur in airde ar an líne chumhachta ESB a théann trí bhailte fearainn Searrach agus Lios Earnáin, Co. Thiobraid Árann Go sonrach, táim ag iarraidh rochtain a fháil ar an taifead maidir leis an mbliain a cuireadh na frithchaiteoirí in airde agus a dheimhniú gur cuireadh suas iad mar fhreagairt ar líon na n-imbhuailtí éin ar an líne chumhachta sin. | Ceadaithe | 25/07/2023 | FOI10463 | |
6/06/2023 | Cliant | Táim ag iarraidh cead pleanála a fháil agus is gá cás a chur i láthair go raibh cónaí orm sa cheantar roimhe seo. Bhí cuntas ESB ag mo thuismitheoirí Edward & Teresa Coree ó 1972 - 1989 ag Pebble Beach, An Currach Íochtarach, Aird Mhór, Co. Phort Láirge agus tá cruthúnas á lorg agam air sin. An féidir an fhaisnéis sin a chur ar fáil dom? | Diúltaithe | 08/06/2023 | FOI10461 | |
06/06/2023 | An tOireachtas | Na taifid go léir a bhaineann le cinneadh an rialtais ar an 14 Iúil 2009 díbhinn a ghlacadh ó ESB agus a chur de chúram ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais é a dháileadh ar Úsáideoirí Móra Fuinnimh trí Líonra ESB. Ba mhaith liom an cuardach a theorannú don tréimhse idir 1 Meitheamh 2009 agus 31 Nollaig 2010 (nuair is cosúil gur aistríodh aon chistí a bhí fágtha ó chuntas ESB go Cuntas Tobhaigh Ioncaim Carbóin an Choimisiúin um Rialáil Fóntais). Bhain an t-ábhar seo le ESB chomh fada agus a bhaineann na taifid lena fheidhmeanna faoina cheadúnas Oibreora Córais Dáileacháin (“DSO”). Tá cóip de chinneadh an Choimisiúin um Rialáil Fuinnimh ceangailte. Baineann alt de le “scéim lacáiste a chur i bhfeidhm, arna maoiniú ag ESB, a d’fheidhmigh trí na taraifí líonra leictreachais ó 1 Eanáir 2009.” Ba cheart go n-áireofaí leis an iarratas seo, ach gan a bheith teoranta do: - aon chomhfhreagras gaolmhar idir ESB ag an am agus DECC (DECNR mar a bhí) - aon chomhfhreagras gaolmhar idir ESB ag an am agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais (an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh ag an am) - aon chomhfhreagras gaolmhar idir an ESB ag an am agus an Roinn Airgeadais/Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (nach raibh ann ag an am ach a d’fhéadfadh na feidhmeanna ábhartha a bheith aistrithe níos déanaí) - Aon tuarascálacha inmheánacha gaolmhara, tuarascálacha chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntais/an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh nó chuig airí, taifid ar chruinnithe, miontuairiscí, agus cuntais airgeadais a bhaineann leis an €176m atá i gceist a úsáid. | Ceadaithe go Páirteach | 21/07/2023 | FOI10460 | |
31/05/2023 | Iriseoir | cóipeanna de chomhfhreagras ar bith idir ESB Networks agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh maidir le táillí a ghearradh faoina luach ar Meta as leictreachas ag a ionad sonraí i gCluain Aodha. | Ceadaithe go Páirteach | 15/06/2023 | FOI10459 | |
19/05/2023 | An tOireachtas | Ba mhaith liom taifid a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014: - Miontuairiscí Bhord ESB ó Iúil go Samhain 2009. - Aon chomhfhreagras idir an tAire ag an am nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Eamon Ryan agus Bord ESB idir Iúil agus Samhain 2009. | Diúltaithe | 09/08/2023 | FOI10457 | |
15/05/2023 | Cliant | Tá faisnéis á lorg agam maidir le líon na bhFabhtanna agus Idirscoir a bhí Beartaithe thar thréimhse trí bliana ó 01/01/2020 go 31/12/2022 agus an dáta, an fad agus na custaiméirí a ndeachaigh siad i bhfeidhm orthu a chur san áireamh sna sonraí seo, díreach cosúil leis na sonraí a luaitear anseo: https://powercheck.esbnetworks.ie/. Ba mhaith liom an fhaisnéis a fháil i bhformáid csv. | Ceadaithe | 22/05/2023 | FOI10455 | |
11/05/2023 | Cliant | An féidir leat eolas a thabhairt dom maidir leis an obair atá á déanamh ar línte cumhachta inár n-eastát, tá an chuma ar an scéal gur cuireadh isteach línte cumhachta breise? | Diúltaithe | 16/05/2023 | FOI10454 | |
09/05/2023 | Iriseoir | Taifead de na 20 íocaíocht aonair is mó a bhaineann le feidhmíocht, íocaíochtaí bónais, nó sochair bónais, a bronnadh/a íocadh le foireann ESB Networks as obair a rinneadh in 2022, chomh maith le tuarastal comhfhreagrach gach ball foirne atá i gceist. Sa chás gur faisnéis íogair atá i gceist nach féidir a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, táim sásta faisnéis fholaithe a fháil. Sa chás go bhfuil sonraí á scaoileadh, b’fhearr liom sonraí i bhformáid táblaithe/Excel a fháil. | Diúltaithe | 06/06/2023 | FOI10453 | |
07/03/2023 | Cliant | Tá gach doiciméad/comhfhreagras/ríomhphost/miontuairisc chruinnithe/tuairisc/etc. idir Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Alumcrest Limited, BMor Developments, CField Construction agus páirtí ar bith eile maidir le soláthar agus seirbhísí leictreacha ag Eastát Lios Cara, na Cillíní, Corcaigh á n-iarraidh agam. Baineann sé seo go háirithe le ceadanna pleanála 19/5325 agus 19/5416. Iarraim go sonrach gach comhfhreagras/tuairisc/doiciméad/miontuairisc chruinnithe a bhaineann le hoibreacha bóthair agus oibreacha gaolmhara leictreachais ag an mbealach isteach chuig Eastát Lios Cara. Rinneadh an bóthar a réabadh le haghaidh oibre tuairiscithe ESB idir an 18 Aibreán 2023 agus an 2 Bealtaine 2023. | Ceadaithe go Páirteach | 31/05/2023 | FOI10451 | |
02/05/2023 | Cliant | I gcomhréir le hAlt 12 de chuid an Acht um Shaoráil Faisnéise, iarraim rochtain ar thaifid: neamh-phearsanta. Seo iad na taifid atá iarraidh agam ná: Táim ag iarradh gach leagan den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, atá de dhualgas ag gach eagraíocht a bheith acu de réir an Acht Aeráide, le 1. Sonraí iomlán de gach Phlean a bhí agat ó dul-i-bhfeidhm an Achta 2. Dáta ar a foilsíodh gach Plean 3. Dáta ar a chuaigh gach Plean i bhfeidhm 4. An méid airgead, miondhealaithe de réir cúiseanna na gcostas, a caitheadh ar chruthú agus ar chur i bhfeidhm gach Plean | Diúltaithe | 17/05/2023 | FOI10450 | |
13/04/2023 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Teacht ar thaifid a bhaineann le cáblaí faoi thalamh do thailte CLG, féach ar an bhfoirm iarratais atá ceangailte agus ar an léarscáil de shuíomh an láithreáin mar eolas. | Láimhseáilte lasmuigh de Shaoráil Faisnéise/Tarraingthe Siar | 25/04/2023 | FOI10446 | |
13/04/2023 | Cliant | Tá céim sa Bhainistíocht Timpeallachta idir lámha agam faoi láthair in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh. Tá tasc le déanamh agam ar Mheasúnú Saolré ar tháirge nó ar sheirbhís agus is é saolré painéil ghréine atá roghnaithe agam. An féidir a rá liom nó mé a chur i dtreo an eolais faoin méid fuinnimh a gineadh ó shuiteálacha gréine tí in 2022?? | Láimhseáilte lasmuigh de Shaoráil Faisnéise/Tarraingthe Siar | 26/04/2023 | FOI10444 | |
08/04/2023 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Cruthchomhaid agus/nó sonraí GIS eile a bhaineann leis an bhfoilseachán: Burke, B. (2018). “Trialling a Seabird Sensitivity Mapping Tool for Marine Renewable Energy Developments in Ireland”. Tuarascáil le Cairde Éanlaith Éireann. Is iad Fondúireacht Náisiúnta na mBóithre Dola, ESB Networks agus Eirgrid a mhaoinigh an tionscadal seo. | Diúltaithe | 02/05/2023 | FOI10443 | |
31/03/2023 | Cliant | Ba mhaith liom fiosrúchán tapa a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Agus freagra á thabhairt, cuir tagairtí beachta ar fáil maidir le gach pointe ar leith. Go raibh maith agat roimh ré. 1. Luaigh cibé ar íoc nó nár íoc úinéir/áititheoir na maoine go hindíreach as na méadair leictreachais neamhchliste caighdeánacha atá suiteáilte faoi láthair ag réadmhaoine cónaithe trí na táillí a ghearrtar ar chustaiméirí as an líonra leictreachais a úsáid. 2. Luaigh an áit a sonraítear sa chomhaontú ceadúnais DSO nó i ndoiciméad rialála nó dlíthiúil eile maoin de chuid ESB Networks na méadair neamhchliste reatha agus na méadair chliste nua. 3. An féidir a dheimhniú cibé an gcuireann aon choinníoll faoin gceadúnas DSO nó faoi aon rialachán ábhartha eile cosc ar chustaiméir, idir chustaiméir cónaithe nó chustaiméir tráchtála, méadar neamhchliste a shuiteáil ina réadmhaoin chun críche monatóireachta ar úsáid leictreachais nuair atá gá le méadar nua. 4. Luaigh cibé an gcaithfidh ESB Networks suiteáil den sórt sin a dhéanamh, mura bhfuil sé coiscthe de réir an dlí, gan aon táille dhíreach a ghearradh ar an gcustaiméir. 5. Luaigh cibé an íocfaidh nó nach n-íocfaidh úinéir/áititheoir na maoine go hindíreach as na méadair leictreachais neamhchliste nua atá á suiteáil faoi láthair ag réadmhaoine cónaithe trí na táillí a ghearrfar ar chustaiméirí as an líonra leictreachais a úsáid sna blianta atá romhainn. | Diúltaithe | 18/04/2023 | FOI10442 | |
29/03/2023 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | An féidir faisnéis a chur ar fáil a léireoidh cumas giniúna na bhfostáisiún ar fud na tíre. Mar fhorbróir fuinnimh in-athnuaite, tá fonn mór ar ár gcuideachta infheistíocht a dhéanamh in Éirinn, i dtionscadail ghréine agus tionscadail BESS go speisialta. | Diúltaithe | 21/04/2023 | FOI10440 | |
01/03/2023 | Cliant | Cóip den mheabhrán tuisceana idir ESB Networks DAC agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Táim ag iarraidh leis aon chomhfhreagras inmheánach agus seachtrach maidir leis na sonraí a chomhroinntear. Tá mé ag iarraidh chomh maith measúnú riosca ar bith a rinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh comhroinnt na sonraí seo RGCS a shárú. | Ceadaithe go Páirteach | 25/04/2023 | FOI10429 | |
24/02/2023 | Cliant | Cóip den mheabhrán tuisceana idir ESB agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Táim ag iarraidh leis aon chomhfhreagras inmheánach agus seachtrach maidir leis na sonraí a chomhroinntear. Tá mé ag iarraidh chomh maith measúnú riosca ar bith a rinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh comhroinnt na sonraí seo RGCS a shárú. | Diúltaithe | 28/01/2023 | FOI10428 | |
20/02/2023 | Cliant | Líon na n-iarratasóirí a fuarthas agus líon na bprintíseach a glacadh ar Chlár Printíseachta ESB do na blianta seo a leanas; 2018, 2019, 2020, 2021 agus 2022. | Diúltaithe | 03/02/2023 | FOI10426 | |
14/02/2023 | Cliant | Tá an fhaisnéis seo a leanas á iarraidh agam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise Le 12 mhí anuas, an líon briseadh cumhachta do cheantar Corlea/Derrykillew i mBéal Átha Seanaidh, Co Dhún na nGall. - Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí pleanáilte - Cé mhéad de na bristeacha seo a bhí gan phleanáil - An fad in uaireanta agus nóiméid a bhain le gach briseadh - Cúis gach briseadh, nuair is eol - Cad a rinneadh chun gach briseadh a chur ina cheart | Ceadaithe | 24/02/2023 | FOI10422 | |
27/01/2023 | Cliant | Tá cóip á lorg agam de na doiciméid, tuairiscí, taifid ó bhéal, taifid ríomhphoist, taifid phoist, meamraim, nó taifid i bhfoirm ar bith eile a bhaineann le gearáin nó sonraí faoi spící líonra soláthair/borradh cumhachta/cur isteach/ardvoltais/voltais ísle/ fabhtanna/éifeachtaí. Is é an ceantar a bhfuil suim againn ann ná an baile fearainn Páirc an Phaoraigh, Feadamair, Co. Luimnigh, ar an 26, 27 agus 28 Feabhra 2022. | Diúltaithe | 13/02/2023 | FOI10417 | |
23/01/2023 | Cliant | Tá mé i mo chónaí i sráidbhaile Eachroim, Co. Chill Mhantáin. Le 6 nó 7 mí anuas, ar an drochuair, bhí thart ar 7 bhfabht againn ó fhostáisiún Chill Modhíoga, rud a chuireann isteach ar bhreis is 2,000 custaiméir gach aon uair. Ba mhaith liom a fháil amach (An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014) cén fáth a bhfuil an fabht seo ag tarlú chomh minic sin agus cad atá beartaithe ag ESB chun an fhadhb seo a réiteach. Bheadh sé tairbheach dá mbeifeá an fhaisnéis a sholáthar agus an gearán agus an cheist a chlárú gan úsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise. Dhá uair le coicís anuas, bhí orainn déileáil le bristeacha cumhachta inár gceantair. Cuireann sé isteach chomh mór sin ar ár ngnóthaí sráidbhaile go mbíonn orthu dúnadh. Bíonn orainn 35 ciliméadar a thiomáint san iomlán chun bia te a fháil. Mar phobal, táimid i dteideal a fháil amach cad is cúis leis na fabhtanna seo agus cén chaoi agus cathain a réiteofar é le huasghrádú srl ar stáisiún Chill Modhíoga. | Láimhseáilte lasmuigh de Shaoráil Faisnéise/Tarraingthe Siar | 08/02/2023 | FOI10414 | |
17/01/2023 | Cliant | 1. Gach taifead a bhaineann le bristeacha gléasra agus línte ag fostáisiún Glassmore, as ar tháinig dínascadh níos mó ná 1000 custaiméir, sa tréimhse ó 00:00 ar an 16 Meán Fómhair 2022 go dtí 23:59 ar an 16 Eanáir 2023, agus an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt maidir le gach briseadh: a. am tosaithe agus am críochnaithe an bhriste; b. an leibhéal sa líonra ag ar tharla an briseadh, 110 kV , 38kv; c. an chúis shonrach a bhaineann leis an mbriseadh; d. cibé an raibh aon ghléasra nó línte iomarcacha ábhartha as seirbhís tráth an bhriste agus cibé acu ar chuir sé sin leis an mbriseadh nó nár chuir; e. cibé an ndearnadh aon mholtaí chun laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtarlóidh bristeacha comhchosúla arís agus, má rinneadh, ar cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm nó an bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm; f. cibé an féidir na scoradáin tuislithe a dhúnadh in aghaidh lánualaigh nó an gcaithfidh scoradáin ar leibhéal níos ísle a bheith a oscailt ar dtús; agus g. cibé an féidir na scoradáin iomchuí a dhúnadh go cianda, nó an gá criú a chur amach, agus cad as a dtagann an criú de ghnáth. 2. Na taifid go léir a bhaineann le cibé an bhfuil aon iomarcaíocht sa ghléasra agus sna línte a sholáthraíonn limistéar Lusca ó Glassmore agus a shainaithníonn pointí aonair teipe sa soláthar go Lusca. | Ceadaithe go Páirteach | 13/12/2023 | FOI10412 | |
11/01/2023 | Iriseoir | 1. Líon iomlán na gcuntas a thit i riaráiste idir 20/02/22 agus 11/01/23. 2. Cé mhéad airgid a chaith ESB ar sheirbhísí bailithe fiachais idir 20/02/22 agus 11/01/23 de réir na míosa. 3. Cé mhéad airgid a d’aisghabh cuideachtaí bailithe fiachais don ESB idir 20/02/22 agus 11/01/23. 4. Ainmneacha na gcuideachtaí atá á n-úsáid ag ESB le haghaidh seirbhísí bailithe fiachais. 5. Cóip de ghearán ar bith a fuair ESB faoi chuideachtaí bailithe fiachais a oibríonn thar ceann ESB | Tarraingthe Siar | 12/01/2023 | FOI10411 | |
16/12/2022 | Iriseoir | Ba mhaith liom iarratas a dhéanamh ar gach comhfhreagras idir bainistíocht shinsearach ESB Networks DAC agus na heintitis chorparáideacha a rialaíonn réamhchúirteanna garáiste in Éirinn. Is mian liom iarratas a dhéanamh ar chomhfhreagras a bhaineann go sonrach leis an bpraghas atá i gceist le naisc a sholáthar don chóras dáileacháin do phointí luchtaithe leictreacha. (I mbeagán focal, tuigim go raibh plé ann maidir leis an bpraghas atá á ghearradh ag ESB ar réamhchúirteanna garáistí go náisiúnta chun pointí luchtaithe a shuiteáil do charranna leictreacha agus tá mé ag iarraidh an doiciméadú sin a iarraidh.) | Diúltaithe | 13/01/2023 | FOI10404 | |
13/12/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Gach bliain, crochaimid soilse na Nollag ar an bPríomhshráid inár sráidbhaile. Tá sé tábhachtach an dá phointe seo a leanas a aithint: | Ceadaithe go Páirteach | 16/12/2022 | FOI10403 | |
07/12/2022 | Iriseoir | Gach comhfhreagras idir ESB agus stáisiúin seirbhíse (.i. miondíoltóirí peitril agus díosail) i bPoblacht na hÉireann maidir le pointí luchtaithe a shuiteáil do charranna leictreacha ar réamhchúirteanna. Is mian liom go gclúdódh an t-iarratas seo an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an lá atá inniu ann. Ba mhaith liom go n-áireofaí san iarratas seo gach litir agus ríomhphost. | Diúltaithe | 16/12/2022 | FOI10402 | |
30/11/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Cóip den DPIA a bhaineann le bailiú sonraí faoi theaghlaigh trí mhéadair chliste ag ESB Networks. | Tarraingthe Siar | 09/12/2022 | FOI10401 | |
25/10/2022 | Cliant | Ba mhaith liom a iarraidh, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, gach taifead agus comhfhreagras atá i seilbh ESB/idir an ESB agus cuideachtaí teicneolaíochta faoi ullmhúcháin, pleanáil theagmhasach agus aon phleananna, straitéisí, ábhair imní nó pléití maidir le lándorchú féideartha an geimhreadh seo. | Ceadaithe go Páirteach | 23/11/2022 | FOI10399 | |
11/10/2022 | Cliant | Na sonraí agus an comhfhreagras uile a bhaineann leis an láithreán ag an bhfostáisiún de chuid ESB ag Garrán an Bháin Ghlais, léarscáileanna, nótaí cuairte láithreáin, r‑phoist maidir le díol an láithreáin, comhairle nó tuairimí a lorg an forbróir nó idir rannáin in ESB nó in ESB Networks maidir leis an iarratas bunaidh pleanála nó iarratais dá éis, agus an fhorbairt ar bun ag an láithreán san áireamh, doiciméid maidir le haon mheasúnuithe a rinne ESB ar na pleananna le haghaidh na ceardlainne caithimh aimsire nó ar aon athruithe eile a rinneadh faoin gcead pleanála bunaidh a deonaíodh, iarratais ón bhforbróir le haghaidh cruinnithe ag an láithreán, nótaí achoimre dá éis sin faoi aon chruinnithe a d’fhéadfadh a bheith reáchtáilte tar éis na gcruinnithe ar an láithreán, comhfhreagras, más ann dó, leis an bhforbróir nó le haon tríú páirtithe i ndáil le péinteáil an fhostáisiúin nó oiriúnacht an láithreáin ó thaobh forbartha de, agus aon chomhfhreagras ginearálta ina ndéantar tagairt don suíomh seo, e.g. an rannóg dlí, innealtóirí, slándáil, srl. idir an 22 Feabhra 2022 agus an 10 Deireadh Fómhair. | Ceadaithe go Páirteach | 02/11/2022 | FOI10395 | |
03/10/2022 | Cliant | An ráiteas oifigiúil agus na cúiseanna oifigiúla go raibh briseadh cumhachta i mBóthar Shíol Bhroin, Luimneach ar an 2 Deireadh Fómhair 2022. | Ceadaithe | 24/10/2022 | FOI10394 | |
27/09/2022 | Cliant |
| Ceadaithe go Páirteach | 25/10/2022 | FOI10393 | |
14/09/2022 | Cliant | Gach comhfhreagras ríomhphoist idir ESB agus an Roinn Fuinnimh idir an 1 Márta 2022 agus an 14 Meán Fómhair 2022. | Diúltaithe | 25/10/2022 | FOI10390 | |
09/09/2022 | Iriseoir |
| Diúltaithe | 12/09/2022 | FOI10387 | |
08/09/2022 | Cliant |
| Ceadaithe | 28/10/2022 | FOI10386 | |
29/08/2022 | Iriseoir |
| Ceadaithe go Páirteach | 23/09/2022 | FOI10384 | |
28/07/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Eolas maidir le dáta nasctha/mionsonraí ar na céimeanna/aonaid aonair agus suiteáil méadar i bhforbairt fraoch Drynham, Fiodh Troim, Cionn Sáile, Co. Bhaile Átha Cliath. | Ceadaithe | 19/08/2022 | FOI10383 | |
27/07/2022 | Cliant | Cóip de mhiontuairiscí an bhoird don tréimhse sé mhí is déanaí atá ar fáil. | Ceadaithe go Páirteach | 24/08/2022 | FOI10382 | |
27/07/2022 | Cliant |
| Ceadaithe go Páirteach | 16/08/2022 | FOI10381 | |
25/07/2022 | Iriseoir | Cóipeanna de gach tuairisc ráithiúil tuillimh/brabúis/airgeadais a tiomsaíodh do ESB Networks go dtí seo i mbliana. | Diúltaithe | 12/08/2022 | FOI10380 | |
19/07/2022 | Cliant |
| Diúltaithe | 27/07/2022 | FOI10378 | |
08/07/2022 | Cliant |
| Ceadaithe | 03/08/2022 | FOI10376 | |
06/07/2022 | Cliant | Rochtain ar aon mheastóireachtaí seachtracha ar bhord ESB ó 2018 i leith. | Diúltaithe | 15/07/2022 | FOI10375 | |
13/06/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Maidir le gach ceamara TCI a cheannaigh sibh ó 2017 go dtí an lá atá inniu ann, tabhair: ainm na gcuideachtaí agus na dtáirgí go léir, lena n-áirítear na huimhreacha múnla. Na conarthaí le gach cuideachta. An costas in aghaidh an aonaid agus na costais iomlána, chomh maith le fad ama na gconarthaí agus/nó na gceadúnas. 2. Tabhair taifid ina luaitear cumas na gceamaraí TCI (mar aon lena n-aonaid stórála agus phróiseála, cibé acu go logánta, ar fhreastalaí nó sa néa.), amhail aitheantas aghaidhe, scanadh teochta/teirmeach, anailís iompair, brath réada nó brath déimeagrafach (i.e. aois, inscne, éadaí srl). 3. Tabhair freisin na doiciméid agus an chumarsáid ar fad a bhain leis an bpróiseas tairisceana le haghaidh gach ceamara TCI a fuarthas idir 2017 agus an lá atá inniu ann. | Diúltaithe | 30/06/2022 | FOI10374 | |
31/05/2022 | Cliant | Gach doiciméad ina bhfuil fianaise go raibh an cábla snáthoptaice a leagadh ina chuid den scéim bhunaidh a bhain leis an 2 líne 110Kv ó Ármhach go dtí an tSeanchoill in 2012. Aon doiciméid ina mbunaítear mar fhíric cibé acu a bhí nó nach raibh an cábla snáthoptaice breise san áireamh sa tionscadal tosaigh in 2012 nó, i gcás gur críochnaíodh an líne in 2012, cibé acu a bhí nó nach raibh an cábla snáthoptaice a cuireadh leis ina dhiaidh sin ina athrú ar an líne. | Diúltaithe | 23/06/2022 | FOI10371 | |
30/05/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | 1. Taifid ina ndéantar cur síos ar na roghanna bealaigh a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne lastuas 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn. 2. Taifid ina ndéantar cur síos ar na roghanna bealaigh a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne 38kV faoi thalamh atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn. 3. Taifid ar an gcinneadh gan dul ar aghaidh leis na roghanna bealaigh a ndéantar cur síos orthu ag 1 agus 2 thuas. 4. Taifid, i bhfoirm léarscáile/líníochta nó foirm eile, a thaispeánann an bealach is fearr/roghnaithe le haghaidh na líne 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn. 5. Taifid ina ndéantar cur síos ar na critéir a úsáideadh le gach ceann de na roghanna bealaigh a mheas, agus aon mheasúnú den sórt sin, a cuireadh sa mheá le haghaidh na líne faoi thalamh 38kV atá beartaithe idir an tOileán Mór agus Cnoc an Mhuilinn. | Diúltaithe | 22/06/2022 | FOI10370 | |
20/05/2022 | Iriseoir | Cóip de na tuarascálacha anailíse eolaíochta agus anailíse innealtóireachta struchtúr go léir a rinneadh thar ceann BSL maidir le simléir an Phoill Bhig agus a ndúshraith, dar dáta idir an 1 Samhain 2021 agus an 20 Bealtaine 2022. | Diúltaithe | 01/06/2022 | FOI10369 | |
08/04/2022 | Cliant | Sonraí staitistiúla maidir le ceannach feithiclí leictreacha in Éirinn idir Eanáir 2021 agus Márta 2022. | Diúltaithe | 19/04/2022 | FOI10365 | |
29/03/2022 | Cliant | Rochtain ar léarscáil mhionsonraithe de Chóras Dáileacháin BSL i gContae na Gaillimhe | Diúltaithe | 08/03/2022 | FOI10363 | |
16/03/2022 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Liosta iomlán uileghabhálach na ngearrthacha cumhachta agus na gcúiseanna leo i gceantar Choill an Aird in 2021 agus 2022. | Ceadaithe | 31/02/2021 | FOI10362 | |
21/02/2022 | Cliant | Na sonraí agus an comhfhreagras uile a bhaineann leis an láithreán ag an bhfostáisiún de chuid BSL ag Garrán an Bháin Ghlais, nó ina luaitear é, léarscáileanna, nótaí cuairte láithreáin, r-phoist maidir le díol an láithreáin, comhairle nó tuairimí a lorg an forbróir nó idir rannáin in BSL nó in ESB Networks maidir leis an iarratas bunaidh pleanála nó iarratais dá éis, agus an fhorbairt ar bun ag an láithreán san áireamh, doiciméid maidir le haon mheasúnuithe a rinne BSL ar na pleananna le haghaidh na ceardlainne caithimh aimsire nó ar aon athruithe eile a rinneadh faoin gcead pleanála bunaidh a deonaíodh, iarratais ón bhforbróir le haghaidh cruinnithe ag an láithreán, nótaí achoimre dá éis sin faoi aon chruinnithe a d’fhéadfadh a bheith reáchtáilte tar éis na gcruinnithe ar an láithreán, comhfhreagras, más ann dó, leis an bhforbróir nó le tríú páirtithe i ndáil le péinteáil an fhostáisiúin nó oiriúnacht an láithreáin ó thaobh forbartha de, agus aon chomhfhreagras ginearálta ina ndéantar tagairt don suíomh seo, m.sh. an rannóg dlí, innealtóirí, slándáil, srl. idir an 1 Feabhra 2020 agus an 21 Feabhra 2022. | Ceadaithe go Páirteach | 08/03/2022 | FOI10361 | |
16/02/2022 | Iriseoir | Taifead de mhiontuairiscí na gcruinnithe den Ghrúpa Anailísíochta Tithíochta (ar bhunaigh an Roinn Tithíochta in 2017 é) ar fhreastail baill foirne de chuid BSL orthu maidir le sonraí ESB Networks a úsáid le tithe is dócha atá folamh/tréigthe a aithint. Ba cheart go mbeadh san áireamh sa mhéid sin chomh maith taifead ar na doiciméid a scaipeadh ag na cruinnithe sin, dar dáta idir an 1 Bealtaine 2017 agus dáta an iarratais seo. | Diúltaithe | 10/03/2022 | FO10360 | |
16/02/2022 | Cliant | Líon na ngearrthacha cumhachta ar an líne idir Ciarraí, Trá Lí agus Inse. Ba mhaith liom na sonraí go léir atá ar taifead. Ba mhaith liom líon na ngearrthacha cumhachta a chur i gcomparáid leis an meán náisiúnta. | Ceadaithe go Páirteach | 10/03/2022 | FOI10359 | |
31/01/2022 | Cliant | 1. Líon na bhfeithiclí agus na leantóirí ar le ESB Networks iad sna blianta 2019, 2020 agus 2021. 2. Líon na bhfeithiclí a bhí ar léas ag ESB Networks sna blianta 2019, 2020 agus 2021. 3. Costas cothabhála feithiclí sna blianta 2019, 2020 agus 2021. 4. Costas cothabhála leantóirí sna blianta 2019, 2020 agus 2021. | Diúltaithe | 21/02/2022 | FOI10358 | |
20/01/2022 | Cliant | Pleananna agus toisí Dhamba Inis Cara, Contae Chorcaí. | Diúltaithe | 31/01/2022 | FOI10357 | |
12/01/2022 | Cliant | Gach taifead ar ghearrthacha cumhachta idir an 15 Meitheamh 2017 agus an 15 Nollaig 2021 a chuir isteach ar Pháirc Ghnó na Páirce Móire Thiar, Bóthar Dáileacháin an Iarthair, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. | Ceadaithe | 27/01/2021 | FOI10356 | |
15/12/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Gach taifead, comhfhreagras agus tuairisc, mar aon le miontuairiscí gach cruinnithe a tionóladh, maidir leis an scéim le híocaíocht €100 a dhéanamh le gach cuntas tí leictreachais. | Ceadaithe go Páirteach | 14/01/2022 | FOI10353 | |
12/12/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Gach cumarsáid agus doiciméad, cibé i scríbhinn nó tríd an ríomhphost, idir ESB Networks agus aon ghníomhaire/fhostaí de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas idir an 01/01/2019 agus an 12/12/2021 maidir leis an bhFostáisiún 10kv ag Páirc na bPiarsach, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath agus an spás glas lasuaidh den fhostáisiún. Agus gach cumarsáid agus doiciméad, cibé i scríbhinn nó tríd an ríomhphost, idir ESB Networks agus aon ghníomhaire/fhostaí de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas idir an 01/01/2019 agus an 12/12/2021 maidir leis an bhFostáisiún 10kv ag Páirc na bPiarsach, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath agus an fhorbairt atá beartaithe ag an gComhairle ar an spás glas lastuaidh den fhostáisiún le haghaidh tithíocht aoisbháúil nó aon sórt forbartha eile. Agus gach doiciméad nó cumarsáid, cibé i scríbhinn nó tríd an ríomhphost, idir ESB Networks agus aon ghníomhaire/fhostaí de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas idir an 01/01/2019 agus an 12/12/2021 maidir leis an bhFostáisiún 10kv ag Páirc na bPiarsach, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath a fhorbairt tuilleadh ar an spás glas lastuaidh den fhostáisiún. | Diúltaithe | 07/01/2022 | FOI10352 | |
09/12/2021 | Iriseoir | Eolas maidir le goid sreangaithe agus míreanna eile ó ESB Networks. Líon na dteagmhas amhrasta gadaíochta inar goideadh sreangú agus infreastruchtúr eile ó ESB Networks in 2021 agus i ngach ceann de na cúig bliana roimhe sin. Chomh fada agus is féidir, tabhair sonraí maidir le gach teagmhas, lena n-áirítear luach an ábhair a goideadh | Ceadaithe go Páirteach | 07/01/2022 | FOI10351 | |
24/11/2021 | Cliant | Gach taifead a bhaineann leis an gcothabháil/iniúchadh sábháilteachta poiblí is déanaí a rinneadh i gceantar Neidín in 2020? | Ceadaithe go Páirteach | 14/12/2021 | FOI10348 | |
11/11/2021 | Cliant | Cóip de na sonraí iarratais, lena n-áirítear aon uiríll a rinneadh, maidir le hathrú ar sholáthar/soláthar nua le haghaidh áitribh. Sonraí faoi gach cumarsáid idir ESB Networks agus úinéir an áitribh/an cliant de chuid BSL maidir leis na hathruithe seirbhíse sin agus na riachtanais ina leith sin. | Ceadaithe go Páirteach | 25/11/2021 | FOI10346 | |
09/11/2021 | Cliant | Trasnaíocht nó aschur i Neidín ón 1 Eanáir 2021 agus gach taifead ar aon ghearán den sórt sin. Gach taifead idir ESB Networks agus aon tríú páirtí maidir le haon ghearáin den sórt sin ón 1 Eanáir 2021, go háirithe aon chumarsáid le Comhairle Contae Chiarraí, FSS, Ospidéal Neidín nó gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile. Gach taifead a bhaineann le haon iniúchadh nó monatóireacht ar thorann, creathadh agus trasnaíocht nó aschur leictreach nó leictreamhaighnéadach i Neidín ón 1 Eanáir 2021. Gach gearán, gach iarratas chothabhála agus gach taifead eile a bhaineann le boscaí claochladáin agus trealamh leictreach eile de chuid BSL i Neidín ón 1 Eanáir 2021. | Diúltaithe | 24/11/2021 | FOI10345 | |
11/10/2021 | Cliant | Líon na gcustaiméirí ar a bhfreastalaíonn BSL in aghaidh an chlaochladáin ísealvoltais | Tarraingthe siar | 19/10/2021 | FOI10343 | |
29/09/2021 | Cliant | Gach gearradh cumhachta i gceantar Thír Mhocháin i gCill Choca, Co. Chill Dara le 5 bliana anuas, lena n-áirítear fad ama gach gearrtha cumhachta agus líon na gcustaiméirí a bhí thíos le gach ceann acu. | Ceadaithe go Páirteach | 08/10/2021 | FOI110341 | |
15/09/2021 | Cliant | Sonraí faoin iarratas a rinne Comhairle Contae Chill Mhantáin ar ESB Networks le cumhacht a sholáthar do mhioncholún agus do bhoth ag an gCollchoill, Baile an Chinnéidigh, na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Tá an both agus an mioncholún seo ina gcuid de scéim soláthair uisce Chill Mhantáin ó Fheartraí go dtí an Corrán Rua. (Conradh 8A). Na coinníollacha atá i bhfeidhm idir BSL agus Comhairle Contae Chill Mhantáin i leith cumhacht a sholáthar don bhoth agus don mhioncholún. Maidir le: Aeróg theileachumarsáide in aice leis an mboth – an aeróg theileachumarsáide de chuid BSL í nó an le soláthraí teileachumarsáide eile í? Cuireadh na hoibreacha seo i gcrích in 2014. | Ceadaithe go Páirteach | 13/10/2021 | FOI10338 | |
10/09/2021 | Cliant | Sonraí faoin iarratas a rinne Comhairle Contae Chill Mhantáin ar ESB Networks le cumhacht a sholáthar do mhioncholún ag an gCollchoill, Baile an Chinnéidigh, na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Bhí an both seo ina chuid de scéim soláthair uisce Chill Mhantáin ó Fheartraí go dtí an Corrán Rua. Bhí ar BSL cumhacht a sholáthar don bhoth agus críochnaíodh na hoibreacha in 2013-2014. | Tarraingthe siar | 15/09/21 | FOI10336
| |
02/09/2021 | Iriseoir | Cé mhéad pointe luchtaithe atá suite ar fud Thuaisceart Éireann, le miondealú ar gach limistéar comhairle? Mura féidir é a bheith miondealaithe de réir limistéar comhairle, bheadh líon na bpointí in aghaidh an chontae go hiontach. Cé mhéad de na pointí luchtaithe atá lochtach faoi láthair? Cé mhéad tuairisc ar lochtanna atá faighte agaibh i mbliana? Bheadh figiúr comparáideach le haghaidh gach bliana le roinnt blianta anuas ina chuidiú chomh maith. Aon tuairiscí faoi loitiméireacht ar phointí luchtaithe i dTuaisceart Éireann? Cé mhéid a chosnaíonn sé pointe luchtaithe a shuiteáil? Cé mhéad pointe a mheastar a bheidh ar fud Thuaisceart Éireann faoi dheireadh na bliana? | Diúltaithe | 13/09/2021 | FOI103333 | |
02/09/2021 | Cliant | Cé mhéad méadar atá suiteáilte sa cheantar thart orm, lena n-áirítear Bóthar Dhraighneáin, Cúirt Dhraighneáin agus Coill an tSionnaigh. Cén buntáiste a bhain mise as an athrú seo agus cathain a bheidh fáil agam ar an bhfaisnéis úsáide a chabhróidh liom mo thomhaltas a rialú. | Ceadaithe go Páirteach | 10/09/2021 | FOI10331 | |
11/08/2021 | Cliant | 1) An méid iomlán a chaith ESB Networks ar chomhairle dlí sheachtrach sna blianta 2019, 2020 agus go dtí seo in 2021 i bhfoirm tháblach 2) An méid iomlán a d’íoc ESB Networks le gach comhlacht dlí seachtrach as obair a rinneadh thar a cheann sna blianta 2019, 2020 agus go dtí seo in 2021 i bhfoirm tháblach | Diúltaithe | 07/09/2021 | FOI10329 | |
04/08/2021 | Cliant | Ba mhaith liom eolas a iarraidh maidir leis an bplé a tharla idir Lidl Ireland agus BSL maidir le saincheisteanna acmhainne a bhain le soláthar pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha ag siopa Lidl ar Bhóthar Chnocán San Aignéas i bPáirc na hEaglaise Cathair Chorcaí ón 1 Feabhra 2015 go dtí seo. An fhaisnéis atá á hiarraidh agam, baineann sí leis an gcúis nach bhfuil na luchtairí sin ann inniu agus an focal ó Lidl gur fadhb acmhainne soláthair cumhachta ba chúis leis sin. | Diúltaithe | 09/09/2021 | FOI10328 | |
29/07/2021 | Iriseoir | Taifid/doiciméid ina léirítear costais slándála agus cíosa an ghineadóra ag Cúil Chomhair, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí ó 2012 i leith. Tá an suíomh in aice le Taiscumar Charraig an Droichid, óna soláthraítear uisce óil do thart ar 95,000 duine agus do Scéim Hidrileictreach BSL níos faide síos an abhainn ag Inis Cara. | Diúltaithe | 10/08/2021 | FOI10327 | |
06/07/2021 | Iriseoir | Miontuairiscí cruinnithe, cláir oibre agus sceidil le haghaidh cruinnithe amach anseo a bhaineann le Scéim Pinsin le Ranníocaíocht Shainithe Bhord Soláthair an Leictreachais - An Coiste Airgeadais agus Infheistíochta | Diúltaithe | 03/08/2021 | FOI10326 | |
26/07/2021 | Iriseoir | Comhfhreagras chuig agus ó POF BSL maidir le scartáil Stáisiún Cumhachta Uíbh Fhailí Thiar agus/nó úsáidí malartacha a bhaineann leis an tionchar a bheadh aige nó a d’fhéadfadh a bheith aige ar cheadúnas oibreora córais dáileacháin BSL. | Diúltaithe | 09/08/2021 | FOI10325 | |
20/07/2021 | Cliant | Aon fhaisnéis a d’fhéadfá a thabhairt maidir le líon agus méid na ngearrthacha cumhachta i bPoblacht na hÉireann le cúig bliana anuas. Is é sin idir Meitheamh 2016 agus Meitheamh 2021. | Ceadaithe | 10/08/2021 | FOI10324 | |
14/07/2021 | Iriseoir | Comhfhreagras le 12 mhí anuas chuig agus ó POF BSL maidir le Stáisiún Cumhachta Uíbh Fhailí Thiar, ar a dtugtar Stáisiún Cumhachta Dhroichead na Sionainne chomh maith, maidir lena scartáil agus/nó le húsáidí malartacha le haghaidh an láithreáin. | Diúltaithe | 19/07/2021 | FOI10323 | |
05/07/2021 | Cliant | Beartas agus nósanna imeachta ESB Networks maidir le maoin phríobháideach úinéara talún eile a nascadh. An bhfuil beartas, i bhfoirm chlóite, ag ESB Networks le haghaidh cásanna ina gcuireann úinéir talún amháin i gcoinne an chirt atá ag duine aonair eile nasc a bhunú leis an líonra leictreachais thar thalamh an úinéara talún sin, agus an féidir cóip den bheartas sin a fháil? (Ba leor cóip den alt/de na hailt iomchuí agus den leathanach teidil). | Ceadaithe | 23/07/2021 | FOI10322 | |
25/06/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Miondealú de réir ceantair agus dúiche ar na tobhaigh PSO ó tugadh isteach iad. Más ann do liosta ina dtugtar na ceantair dáileacháin – úsáideadh aitheantóir uimhriúil trí dhigit a bhí bunaithe ar na ceantair dáileacháin 10kV. | Diúltaithe | 21/07/2021 | FOI10320 | |
15/06/2021 | Cliant | Gach bliain ó 2010 go 2021, agus an dá bhliain sin san áireamh freisin: 1) Líon na méadar lae/ oíche agus na lasc ama méadair a d’athsholáthair BSL. 2) Líon na méadar lae/oíche agus na lasc ama méadair a d’athsholáthair BSL tar éis don chustaiméir locht a thuairisciú. 3) Líon na méadar lae/oíche agus na lasc ama méadair a d’athsholáthair BSL tar éis do theicneoir de chuid BSL locht a thuairisciú. 4) Líon na lasc ama méadair lae/oíche a taifeadadh mar lochtach. 5) Líon na gcustaiméirí a fuair aisíocaíocht mar thoradh ar mhéadar lae/oíche nó lasc ama méadair lochtach. 6) Méid iomlán na n-aisíocaíochtaí (in euro) a rinneadh le custaiméirí mar thoradh ar lochtanna le lasc ama méadar lae/oíche | Diúltaithe | 12/07/2021 | FOI10318 | |
06/05/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Líon gach cineáil méadair tí i bPoblacht na hÉireann; MCC01, MCC02, MCC51, MCC12, MCC16. Srl. | Tarraingthe siar | 20/05/2021 | F0I10317 | |
02/04/2021 | Cliant | Gach cumarsáid idir ESB Networks agus Iarnród Éireann nó gnólachtaí comhairleoireachta ar nós Arup arna cheapadh ag Iarnród Éireann maidir le leictriú an iarnróid idir Mullach Íde agus Droichead Átha mar chuid de Thionscadal DART+ idir seo agus 01/01/21 . | Ceadaithe go Páirteach | 30/04/2021 | F0I10314 | |
29/03/2021 |
Iriseoir |
Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó ESB/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis. Gach sonra, litir, ríomhphost agus comhfhreagras eile ó thríú páirtithe ag gníomhú thar ceann EirGrid ó BSL/ESB Networks i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas chuig Comhairlí Contae an Chabháin/Mhuineacháin/na Mí, ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis. Taifid arna n-ullmhú nó arna mbreithniú ag an Roinn ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh Taifid arna seoladh ag EirGrid chuig Líonraí na Roinne ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis i ndáil leis an Idirnascaire Thuaidh Theas a athrú, a atreorú nó a chur faoi thalamh. |
Diúltaithe |
20/04/2021 |
FOI10331 | |
24/03/2021 | Iriseoir | Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe an Longfoirt idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021. Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Ros Comáin idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021 Sonraí, i bhfoirm tháblach, faoi gach gearán agus faoi aon bhearta déanta ag an BSL tar éis gearáin le ESB Networks ó lucht cónaithe Liatroma idir an 1 Márta 2020 agus an 1 Márta 2021 | Ceadaithe go Páirteach | 20/04/2021 | FOI10311 | |
05/03/2021 | Cliant | An costas a bhí i gceist leis an bhfoilseachán thíosluaite a chur ar fáil: "Housing Schemes: Guidebook for ESB Networks Standards for Electrical Services Revision 5 January 2014" | Ceadaithe go Páirteach | 23/03/2021 | FOI10309 | |
15/02/2021 | Cliant | An fhaisnéis uile i ndáil leis an ngearradh cumhachta a bhí beartaithe don 17 Feabhra 2021, Carraig Droma Rúisc. 1. Cén fáth ar ghá an chumhacht a ghearradh do chustaiméirí leochaileacha sa gheimhreadh? Cén fáth nárbh fhéidir fanacht leis an obair a dhéanamh? 2. Dearbhú nach bhfuil rialacha maidir le COVID-19 á sárú agus cén fáth nach mbeadh sé ina rogha ní b’fhearr fanacht? | Ceadaithe | 01/03/2021 | FOI10305 | |
12/02/2021 | Cliant | Sonraí faoi shuíomhanna in Éirinn ar tógadh teaghaisí cóngarach (taobh istigh de 5m) d’fhostáisiún. | Diúltaithe | 02/03/2021 | FOI10304 | |
06/02/2021 | Cliant | Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta. | Diúltaithe | 02/03/2021 | FOI10302 | |
01/02/2021 | Iriseoir | 1. Costas (miondealaithe de réir bliana) na hoibre cothabhála a dhéanann ESB Networks ar Shimléir an Phoill Bhig le haghaidh gach bliana ó 2015 go 2020. 2. Miondealú ar aon chostais eile a bhaineann le stoic shimléir an Phoill Bhig, de réir bliana ó 2015 go 2020 | Diúltaithe | 04/02/2021 | FOI10301 | |
28/01/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | 1. Cóip (i) den chonradh/chomhaontú le Siro Limited i ndáil le “ranníocaíocht sócmhainní líonra arbh fhiú €0.9 milliún iad” dá tagraítear di ar leathanach 25 agus leathanach 28 de chuntais Siro don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019, (ii) an luacháil/tuairisc ar an idirbheart seo agus (iii) cóip de mhiontuairiscí an chruinnithe inar ceadaíodh an t-idirbheart seo. 2. Cóip (i) den “chomhaontú rochtana líonra (IRU)” agus (ii) den “chomhaontú gnó agus aistrithe sócmhainní” dá dtagraítear i gcuntais bhliantúla Siro Limited don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019. 3. Cóip (i) de na luachálacha agus/nó na tuairiscí a rinneadh maidir le nó thar ceann BSL agus/nó ESB Networks CGA i ndáil leis an idirbheart €100 milliún faoin “gcomhaontú sócmhainní líonra (IRU)” agus/nó faoin “gcomhaontú gnó agus aistrithe sócmhainní” sainaitheanta ar leathanach 25 de chuntais Siro Limited agus (ii) cóip de mhiontuairiscí na gcruinnithe inar ceadaíodh an beart/conradh €100 milliún agus (iii) cóip den chinneadh an t-idirbheart a cheadú. 4. Taifid ina léirítear méid agus cineál na seirbhísí atá curtha ar fáil do Siro Limited ag ESB Networks CGA agus/nó pearsanra cuí ESB Networks le 12 mhí anuas agus na suimeanna a d’íoc Siro Limited as na seirbhísí sin. | Diúltaithe | 24/02/2021 | FOI10300 | |
25/02/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | 1. Taifid an phróisis soláthair maidir le dearaí oibre cruach/piolón le haghaidh thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh: (i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh; (ii) cóip de na dearaí uile oibre cruach/piolón a breithníodh lena n-úsáid i dtionscadal an idirnascaire thuaidh theas; (iii) cóip den chinneadh leis an gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le dearadh oibre cruach/piolón le haghaidh an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh; (iv) cóip den chonradh / creat-chomhaontú / tairiscint a rinneadh a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair; (v) cóip de na dearaí agus sonraíochtaí oibre cruach/piolón a ceadaíodh do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas; (iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint. 2. Taifid an phróisis soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón do thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh: (i) cóip de na cáipéisí soláthair a eisíodh; (ii) cóip den chonradh/creat-chomhaontú/tairiscint ar éirigh leis le haghaidh soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas: (iii) cóip den chinneadh an conradh/creat-chomhaontú/tairiscint a dhámhachtain faoin bpróiseas soláthair maidir le soláthar oibre cruach/piolón don idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear miontuairiscí an chruinnithe ina ndearnadh an cinneadh: (iv) cóip d’aon orduithe a rinneadh faoin gconradh / creat-chomhaontú / tairiscint. 3. Taifid ar aon chreat-chomhaontuithe/conarthaí/tairiscintí eile a dámhadh maidir le soláthar ábhar agus/nó oibreacha a dhéanamh ar thionscadal an idirnascaire thuaidh theas, lena n-áirítear cóip den chonradh/ creat-chomhaontú/conradh, ach gan bheith teoranta dóibh. | Diúltaithe | 28/01/2021 | FOI10299 | |
18/01/2021 | Cliant | 1. Líon na mball foirne innealtóireachta i d’eagraíocht a íocadh nó a aisíocadh a dtáillí ballraíochta bliantúla do Engineers Ireland i bpáirt nó ina iomláine sna blianta 2018 agus 2019. 2. Liosta de gach ceann agus aon cheann de na síntiúis ghairmiúla nó táillí ballraíochta (miondealaithe de réir ainm na hinstitiúide, grád an bhaill foirne agus an lín a bhaineann le gach ceann ar leithligh) a íocadh nó a aisíocadh, i bpáirt nó ina iomláine, le linn 2018 agus 2019. | Diúltaithe | 21/01/2021 | FOI10295 | |
18/01/2021 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Lámhleabhar BSL maidir le tógáil nó sonraíochtaí sreanga lasnairde ar an ábhar go bhfuil sé i gceist againn feirm ghaoithe nua a thógáil agus go dteastaíonn uainn an nasc leis an ngreille a mheasúnú. | Rinneadh plé leis taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise/Tarraingthe Siar | 26/01/2021 | FOI10294 | |
15/01/2021 | Cliant | Cóip den tuairisc “DF08-03 AP01 Independent Expert Report on Long Term Investment Needs (Pictures of the Future)” a seoladh chuig an CRU i ndáil le PR5? An bhféadfá nasc a sheoladh chugam chuig an tuairisc Poyry TNEI a úsáideadh mar bhonn eolais don doiciméad thuas? | Tarraingthe siar | 09/02/2021 | FOI10293 | |
08/01/2021 | Cliant | a) Meánlíon na nóiméad custaiméara a cailleadh in aghaidh gach custaiméara a bhí buailte ag stoirmeacha le linn 2020. b) An tréimhse is faide d’éaradh seirbhíse (líon na nóiméad custaiméara a cailleadh) do bhreis agus 100 custaiméirí de dheasca stoirmeacha in 2020. Mura bhfuil figiúirí 2020 ar fáil, glacfaidh mé le figiúirí 2019. | Ceadaithe | 01/02/2021 | FOI10292 | |
17/12/2020 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | An bhféadfá liosta na dtionscadal tosaíochta atá le bpróiseáil faoi ECP2.1 a eisiúint? An bhféadfá liosta a chur ar fáil de na tionscadail a cháiligh faoi na catagóirí seo a leanas; • Tionscadail Ceallraí • Na 25 Tionscadal In-Athnuaite is fearr mar atá leagtha amach faoin tsraith rialacha ECP2 • Tionscadail de réir dháta an ordaithe pleanála • NGPA • Tionscadail phobail | Tarraingthe siar | 18/12/2020 | FOI10291 | |
10/12/2020 | Cliant | Na sonraí uile atá ar fáil maidir le dualgais ESB Networks i leith Ghníomhaireacht Lóistíochta Cosanta (DLA) Roinn Cosanta SAM agus/nó NATO wrt Cód Eintitis Tráchtála agus Rialtais SYV18 | Diúltaithe | 06/01/2021 | FOI10289 | |
21/11/2020 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Na sonraí uile a bhaineann le díol agus an fhorbairt dá éis sin den suíomh ag an bhfostáisiún de chuid BSL lena n-áirítear an comhaontú dlíthiúil aistrithe úinéireachta, na coinníollacha díola, léarscáileanna, agus aon ríomhphoist i ndáil le díol an tsuímh, comhairle nó tuairimí a lorg an forbróir i ndáil leis na hiarratais phleanála bhunaidh agus na hiarratais dá éis sin agus chomh maith leis sin le linn na forbartha ag an suíomh, na cáipéisí maidir le haon mheasúnuithe a rinne an ESB ar na pleananna don cheardlann caithimh aimsire nó aon athruithe eile a rinneadh faoin bpleanáil bhunaidh a deonaíodh, iarratais ón bhforbróir do chruinnithe ag an suíomh, nótaí achoimre dá éis sin faoi aon chruinnithe a d’fhéadfadh a bheith reáchtáilte tar éis na gcruinnithe ar an suíomh, comhfhreagras, más ann dó, leis an bhforbróir i ndáil le péinteáil an fhostáisiúin. Ba mhaith liom an fhaisnéis seo a fháil i bhformáid PDF. | Ceadaithe go Páirteach | 18/12/2020 | FOI10288 | |
09/11/2020 | Iriseoir | Sonraí maidir le gach gearán a sheol lucht cónaithe an Longfoirt, Liatroma agus Ros Comáin, an Chabháin agus Mhuineacháin chuig ESB Networks idir an 1 Márta 2020 agus an 9 Samhain 2020, i bhfoirm tháblach. Sonraí maidir leis na bearta uile a chuir BSL i bhfeidhm tar éis gearáin déanta ag lucht cónaithe an Longfoirt, Liatroma agus Ros Comáin, an Chabháin agus Mhuineacháin idir an 1 Márta 2020 agus an 9 Samhain 2020, i bhfoirm tháblach. | Ceadaithe go Páirteach | 01/12/2020 | FOI10285 | |
09/11/2020 | Cliant | Cóip de gach ríomhphost agus an comhfhreagras uile a bhaineann le pleanáil, comhairliúchán pobail, conarthaí agus ceadanna pleanála maidir le cur suas crann cumarsáide teileafónaíochta agus cuspóirí eile ag stáisiún Bhaile an Mhuilinn de chuid BSL, Céide Cowper agus Céide na Páirce, Baile Átha Cliath 6. | Diúltaithe | 19/11/2020 | FOI10284 | |
30/09/2020 | Cliant | Líon na dtithe ag Forbairt Ghleann na Muilleoirí i Sord atá nasctha le do líonra. An líon maidir le gach céim den fhorbairt ón lá inniu siar go dtí gur cuireadh tús leis an tionscadal in thart ar 2015. | Ceadaithe go Páirteach | 22/10/2020 | FOI10279 | |
17/09/2020 | Cliant | Faisnéis faoi aon chásanna leighis atá fianaise ann a raibh baint ag líne 220kV Charraig Mhaighin leo | Diúltaithe | 28/09/2020 | FOI10276 | |
26/08/2020 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Staitisticí maidir le micrighiniúint gréine fótavoltachais* atá nasctha agus a bhfuil conradh ann ina leith. Bheadh i gceist leis seo an tréimhse 20 bliain ó 2000-2020, suas le 6kW aon phas / 11kW trí phas. Méid iomlán na méadar iompórtála/easpórtála atá suiteáilte, teastais etci/foirmeacha NC6. Tá ISEA ag lorg staitisticí freisin maidir le fuinneamh gréine fótavoltachais tráchtála atá nasctha agus a bhfuil conradh ann ina leith. Bheadh i gceist leis seo an tréimhse 20 bliain ó 2000-2020, ó 6kW go 2,000kW. Líon iomlán na méadar iompórtála/easpórtála atá suiteáilte, foirmeacha ceadaithe nc5/nc5a. * áirítear leis seo iarratais a bhaineann le forbairtí nua a bhfuil roinnt teaghaisí iontu a úsáideann scarbhileog BSL | Ceadaithe | 23/09/2020 | FOI10273 | |
01/08/2020 | Cliant | Na léamha maidir leis na réimsí leictreamaighnéadacha a thagann ó na méadair chliste nua. Cé mhéad radaíochta a astaíonn siad? An bhfuil siad contúirteach domsa nó do dhaoine eile de mo theaghlach? Agus an ndéanfar na méadair seo a uasghrádú go 5g? | Ceadaithe | 11/08/2020 | FOI10268 | |
16/07/2020 | Iriseoir | Réamh-mheasúnuithe ar shuíomhanna a bhfuil sreabhán ag sceitheadh ó cháblaí BSL i mBaile Átha Cliath. | Diúltaithe | 06/08/2020 | FOI10267 | |
15/07/2020 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | Léarscáil de na fostáisiúin leictreachais in Éirinn (chun inmharthanacht láithreán a mheas), Dún na nGall agus Sligeach go háirithe. Chaithfeadh an léarscáil a bheith mionsonraithe go leor chun an láithreán a shainaithint go beacht (más féidir). B’fhearr í a bheith i bhformáid PDF, más féidir. | Rinneadh plé leis an iarratas seo taobh amuigh den phróiseas saorála faisnéise | 29/07/2020 | FOI10266 | |
07/07/2020 | Cliant | Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas ar BSL chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Cnoc Rois, Ros Cam, Gaillimh. Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Mad Yoke Farm Ltd, Seafront Farm Ltd, Sunmile Ltd, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2018 go dtí an lá inniu. | Ceadaithe go Páirteach | 21/07/2020 | FOI10265 | |
06/07/2020 | Cliant | Gach ríomhphost, meabhrán, nóta, miontuairisc agus cáipéis agus cumarsáid eile a bhaineann le haon hiarratas chun nascadh leis an líonra nó cuaillí a bhogadh ag Bóthar Chnoc Rois, Ros Cam (féach an ceangaltán). Lena n-áirítear aon iarratas nó cumarsáid ó Proofridge Limited, Grayback Limited, a ngníomhairí nó daoine eile atá ag gníomhú thar a gceann, ach gan a bheith teoranta dóibh, don tréimhse ó 01/01/2019 go dtí an lá inniu. | Ceadaithe go Páirteach | 21/07/2020 | FOI10264 | |
16/06/2020 | Gnóthas/Grúpa Sainleasa | • Íoséileamh an tsamhraidh agus buaicéileamh an gheimhridh in 2018 i MWanna do gach fostáisiún 38kV agus 110kV i bPoblacht na hÉireann • Íoséileamh an tsamhraidh agus buaicéileamh an gheimhridh in 2019 i MWanna do gach fostáisiún 38kV agus 110kV i bPoblacht na hÉireann. • A dhearbhú cé na fostáisiúin 110kV a aisfhothaíonn gineadóirí nuair nach féidir leis na fostáisiúin 110kV a fhothaíonn na gineadóirí sin de ghnáth déanamh amhlaidh. | Ceadaithe go Páirteach | 08/07/2020 | FOI10263 | |
04/06/2020 | Cliant | Dearbhú faoi aon ghearán faoi dhamáiste a fuair ESB Networks Limited ó cheantar Bhaile Chathail i gCo. Mhaigh Eo le cúig bliana anuas. Dearbhú faoi bhunús an ghearáin, m.sh. damáiste a rinne ESB Networks, nó conraitheoirí , thar a cheann, cén rud a ndearnadh damáiste dó, más bainteach, cathain agus conas a rinneadh an damáiste, agus toradh an ghearáin. Níl aon sonraí pearsanta ag teastáil – iarrtar ort aon sonraí pearsanta a bhaint chun gur féidir é a eisiúint. | Diúltaithe | 30/06/2020 | FOI10261 | |
17/04/2020 | Cliant | 1. Gach taifead a bhaineann le haon chomhaontú nó socrú idir ESB Networks agus úinéirí, oibreoirí nó údair an leabhair agus/nó an láithreáin gréasáin “brand new retro” agus an láithreáin gréasáin “totally Dublin”. 2. Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna/srianta/luach saothair, a bhaineann le húsáid áiseanna ESB Networks, lena n-áirítear áiseanna scanála digití, agus an láithreán gréasáin “brand new retro” agus an láithreán gréasáin “totally Dublin”. 3. Gach taifead a bhaineann le comhaontuithe idir ESB Networks agus an láithreán gréasáin agus/nó an leabhair “brand new retro” agus “totally Dublin”, lena n-áirítear maidir le hóstáil agus/nó úsáid íomhánna agus ábhair phriontáilte ar le ESB Networks nó lena réamhtheachtaithe corparáideacha iad. 4. Gach taifead i ndáil le ceadanna a tugadh do phearsanra neamh-ESB Networks chun dul isteach in áitribh córas ESB Networks, agus/nó chun rochtain a bheith acu ar bhonneagar agus/nó sonraí arna gcoimeád in áiseanna oidhreachta agus cartlainne ESB Networks. 5. Gach taifead, lena n-áirítear ceadanna a bhaineann le hobair (le linn na n-uaireanta oifige nó lasmuigh dóibh) phearsanra ESB Networks ar thionscadail i ndáil leis na láithreáin ghréasáin agus foilseacháin “brand new retro” agus “totally Dublin”. | Diúltaithe | 22/04/2020 | FOI10259 | |
19/03/2020 | Iriseoir | Aon tuairiscí agus comhfhreagras inmheánach faoin tionchar féideartha ar an nGaorthadh mar thoradh ar oibreacha faoisimh tuile atá beartaithe ar an Laoi Íochtarach i gCorcaigh, 1 Eanáir 2015 go dtí dáta an iarratais seo. | Diúltaithe | 31/03/2020 | FOI10258 | |
08/03/2020 | Cliant | Sonraí faoi na gráid tuarastail a úsáidtear i gcomhair baill foirne atá fostaithe i róil um Bainistíocht Sláinte agus Sábháilteachta. | Diúltaithe | 03/04/2020 | FOI10257 | |
08/03/2020 | Iriseoir | Sonraí, i bhfoirm tháblach, maidir le gach gearán a sheol muintir an Longfoirt, Liatroma agus Ros Comáin chuig ESB Networks idir an 1 Lúnasa 2019 agus an 29 Feabhra 2020. Anuas air sin, na bearta a chuir BSL i bhfeidhm tar éis gearán a rinne muintir an Longfoirt, Liatroma agus Ros Comáin idir an 1 Lúnasa 2019 agus an 29 Feabhra 2020, i bhfoirm tháblach. | Ceadaithe go Páirteach | 26/03/2020 | FOI10256 | |
19/02/2020 | Cliant | Taifid fabht maidir le láthair Stáisiún Fhionnradhairc (Bóthar Cadogan/Bóthar Addison) idir an 24 Eanáir 2019 agus an 20 Feabhra 2020. Líon na ngearrthacha seirbhíse i gceantar Bhóthar Cadogan/Bóthar Addison. Lena n-áirítear dátaí agus fad ama na ngearrthacha. | Ceadaithe | 11/03/2020 | FOI10254 | |
14/02/2020 | Iriseoir | Na miontuairiscí uile i dtaca le cruinnithe boird a tharla le linn 2019. Mura bhfuil bord agat, is leor comhlacht arb ionann agus bord é, is é sin, an t-údarás ceannais, an coiste bainistíochta, srl. | Ceadaithe go Páirteach | 12/03/2020 | FOI10253 | |
13/02/2020 | Cliant | 1. Aon taifead* a léiríonn an meánlíon bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (nó aon taifead ar féidir é a úsáid chun an meánlíon sin a ríomh), bunaithe ar bhristeacha / cur isteach neamhbheartaithe a tharla do gach custaiméir (idir chustaiméirí cónaithe agus chustaiméirí tráchtála) ar bhonn bliantúil le haghaidh gach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 2. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe ar bhonn geografach i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 3. Aon taifead* a thaispeánann na ceantair nó dúichí tarchuradóireachta a raibh an fheidhmíocht ‘is fearr’ agus ‘is measa’ acu ó thaobh cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe de i ngach ceann de na blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo. 4. Aon taifead* a thaispeánann faisnéis maidir le dátaí, amanna agus fad ama cur isteach / bristeacha seirbhíse neamhbheartaithe a tharla sna blianta 2017, 2018 agus 2019 go dtí seo do chustaiméirí a bhfreastalaíonn an claochladán atá suite ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha orthu, lena n-áirítear bristeacha nach raibh fadhb ag an gclaochladán sin ina cúis leo.5. Aon taifead* a thaispeánann nó a dhéanann anailís ar mhinicíocht na mbristeacha, go náisiúnta nó i dTuaisceart Chill Mhantáin, le himeacht aon tréimhsí comparáideacha (m.sh. na cúig bliana dar críoch an 31/12/2019 i gcomparáid leis na cúig bliana dar críoch an 31/12/2014), na sonraí reatha, agus na sonraí maidir leis na blianta ó 2012 i leith 6. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar acmhainn an líonra tarchuir trína gcuirtear leictreachas ar fáil do cheantar Chill Mhantáin i gcoitinne, do na Clocha Liatha agus do Burnaby Mills go háirithe, agus ar cibé acu a bheidh sé in ann an aimsir a sheasamh nó nach mbeidh. 7. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar an éileamh náisiúnta measta ar leictreachas amach anseo, agus béim faoi leith ar éileamh ó chustaiméirí tí arna eascairt ó úsáid mhéadaithe feithiclí leictreacha. 8. Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas sa amach anseo. 9. Aon taifead* ina ndéantar achoimre ar chumas an líonra tarchuir náisiúnta atá ann sna Clocha Liatha, Cill Mhantáin faoi láthair, nó a fhreastalaíonn ar an gceantar sin, an t-éileamh a mheastar a bheidh ar leictreachas amach anseo a shásamh. 10. Aon taifead* ina ndéantar achoimre nó anailís mhionsonraithe ar chumas na nasc cónaithe atá ann faoi láthair tacú leis an éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar leictreachas amach anseo in aonaid chónaithe (tithe, árasáin nó cineálacha eile áiteanna cónaithe) ina bhfuil soláthar caighdeánach aon phas 220V agus inar gá níos mó ná feithicil leictreach amháin a luchtú gach oíche. 11. Aon taifead* ina ndéantar anailís ar chumas an chlaochladáin ag Burnaby Mill sna Clocha Liatha éileamh reatha na dtomhaltóirí ar an leictreachas agus an t-éileamh is dócha a bheidh ann amach anseo a láimhseáil. 12. Na doiciméid Príomhstaitisticí is déanaí atá ag ESB Networks (faightear doiciméad ó 2014 tríd an bhfeidhm chuardaigh ar do láithreán gréasáin)* Agus ‘aon taifead’ á iarraidh, agus ní ‘na taifid ar fad’ – Ní theastaíonn uaim ach sampla ionadaíoch de thaifid a fháil ina dtugtar ‘léargas garbh’ ar an scéal. | Ceadaithe go Páirteach | 11/03/2020 | FOI10252 | |
06/02/2020 | Cliant | Faisnéis faoi fhilleadh an Bhradáin chun na hÉirne. Sonraí áiritheoirí éisc maidir le filleadh bliantúil an bhradáin chuig dambaí hidrileictreacha Eas Chaitlín agus na Binne. Líon na mbradán fásta a choimeád BSL i gcomhair rainseoireacht brainlíní. Líon na mbradán fásta a scaoileadh in aghaidh shruth dhamba na Binne le go bhféadfaidís síolrú go nádúrtha. Líon na mbrainlíní, gealóg agus ubhán a scaoileadh ag an ngorlann. Cuir na sonraí thuas ar fáil maidir le gach ceann de na 10 mbliana anuas i bhfoirm Excel agus ghrafach. | Diúltaithe | 21/02/2020 | FOI10251 | |
22/01/2020 | Cliant | Faisnéis neamhphearsanta a bhaineann le cumarsáid idir stiúrthóirí, gníomhairí nó ionadaithe Kegata Limited, an Chéad Urlár, Teach Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Gaillimh, H91 AXK8 maidir leis an bhforbraíocht tithíochta straitéiseach, Rosshill Manor, atá beartaithe (féach www.rosshillmanorshd.ie), agus ESB Networks i ndáil le hiarratais ar chomhairliúcháin, nascadh nó aon socrú eile a rinne ESB Networks chun tacú leis an bhforbraíocht bheartaithe. | Ceadaithe go Páirteach | 17/02/2020 | FOI10247 | |
07/01/2020 | Iriseoir | Rochtain ar thaifid chaiteachais maidir leis an bhfeachtas fógraíochta de chuid Electric Ireland inar ghlac an Coirnéal Chris Hadfield páirt. | Diúltaithe | 13/01/2020 | FOI10246 |