Méadair Leictreonacha Ghnó

Méadair Leictreonacha Ghnó a Léamh

Méadar ABB Vision/Elster A1700 a Léamh

ABB Vision/Elster A1700

meter with electronic display

Tá taispeántas leictreonach ar an méadar seo a athraíonn gach 9 soicind. Más é 548, 549, 645 nó 647 d'uimhir RM, seans go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ag an mbun ar an taobh clé den mhéadar.

Cén chaoi léamh a ghlacadh
  • Úsáideann Custaiméirí Ráta Comhréidh agus Am an Lae scáileáin 9, 10 agus 11
  • Úsáideann custaiméirí uaséilimh scáileáin 14, 16, 18, 19 agus 20. Mura bhfuil an dáta atá á thaispeáint ar scáileán 12 sa mhí reatha, ní féidir léamha a ghlacadh toisc nár athshocraíodh an méadar.
  • Breac síos na figiúirí ó chlé go deas agus ná bac leis na figiúirí ar an taobh deas den phointe deachúlach.

Bileog Léimh Méadair

Méadar ABB/GEC PPM a Léamh

Méadar PPM ABB/GEC

Más é 545 nó 667 d'uimhir RM, seans go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ag an mbun ar an taobh clé den mhéadar. Tá taispeáint leictreonach uathscrollála ar an méadar. Athraíonn an taispeáint gach 6 soic le 13 phainéal faisnéise éagsúla a thaispeáint san iomlán. Úsáideann Ráta Comhréidh agus Am an Lae Scáileáin 11, 12 agus 13.

Cén chaoi léamh a ghlacadh:

  • Breac síos na huimhreacha ó chlé go deas. Déan neamhaird de na figiúirí ar an taobh deas den phointe deachúlach.
  • Uaséileamh - ná cuir léamha méadair isteach toisc nach féidir teacht ar an bhfaisnéis a theastaíonn i gcomhair billeála ar an méadar seo. Má bhíonn ceist ar bith agat, déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais.

Bileog Léimh Méadair

Méadar Elster A1140/A1120 a Léamh

Elster A1140/A1120

Close up of the Elster A1140/A1120 meter

Más é 648, 651, 627, 553 nó 551 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar. B’fhéidir go bhfuil gné uathscrollaithe ag an méadar seo a athraíonn an scáileán go huathoibríoch. Ná brúigh an cnaipe ach amháin mura scrollaíonn taispeáint an mhéadair go huathoibríoch.

Cén chaoi léamh a ghlacadh

  • Glactar léamh 24 uair an chloig (Iomlán an Lae agus na hOíche) ón scáileán CUM kWh
  • Glactar léamh lae ón scáileán TOU ACTIVE 2 kWh. Ní chuirtear an pointe deachúlach san áireamh sa léamh.
  • Déarfaidh an Léamh Oíche TOU1 agus déarfaidh an Léamh Éavatach CUM1

Bileog Léimh Méadair

Méadar Iskra MT173 a Léamh

ISKRA MT173

Close up of ISKRA MT173 meter

Más é 649 nó 552 d’uimhir RM, b’fhéidir go bhfuil an cineál seo méadair agat. Tá an uimhir RM ar an taobh ag bun ar chlé den mhéadar. B’fhéidir go bhfuil gné uathscrollaithe ag an méadar seo a athraíonn an scáileán go huathoibríoch.

Cén chaoi léamh a ghlacadh - taifead an uimhir ó chlé go deas. Má tá pointe deachúlach ag an méadar, ní chuirtear é sin san áireamh sa léamh.

1.8.2 = Léamh Lae 1.8.1 = Léamh Oíche

5.8.0 = Éavatach 1.8.0 = Léamh 24 Uair an Chloig (Lá agus Oíche Iomlán)

Bileog Léimh Méadair

Safety Tip:

Please be careful when reading your meter, especially if it is up high or in an inaccessible place.

Naisc Bhainteacha

Déan teagmháil linn