Marguerite Sayers, Cathaoirleach
Ceapadh Marguerite Sayers ina stiúrthóir agus ina Cathaoirleach ar Bhord ESB Networks CGA i mí Iúil 2022. Tá sí ina Leas-Phríomhfheidhmeannach freisin ar BSL agus roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Réitigh do Chustaiméirí BSL agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar ESB Networks DAC. D’oibrigh sí i bpoist theicniúla agus bhainistíochta éagsúla le BSL le breis agus 30 bliain, lena n-áirítear Bainisteoir Giniúna agus Ceann Bainistíochta Sócmhainní do ESB Networks. Tá céim bainte amach aici san Innealtóireacht Leictreach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is Innealtóir Cairte í, chomh maith le bheith ina Comhalta agus Iar-Uachtarán ar Innealtóirí Éireann, Comhalta d'Acadamh na nInnealtóirí, ball de Bhord Energy UK agus Gobharnóir ar Iontaobhas an Irish Times