Más mian leat Gineadóir ar Scála Beag a nascadh leis an líonra leictreachais, ní mór na céimeanna atá sa doiciméid Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Giniúint ar Scála Beag a leanúint. Moltar duit an doiciméad seo a léamh sula dtosóidh tú ar d'iarratas.
Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Giniúint ar Scála Beag | Íoslódáil PDF | 582 KB
Má tá Scéim chun Easpórtáil a Theorannú ann mar chuid de do nasc, féach Na Coinníollacha a Rialaíonn Scéim chun Easpórtáil a Theorannú a Nascadh agus a Oibriú ag LV agus MV. Féach nasc anseo.
Tabhair faoi deara:
Maidir le naisc um Ghiniúint ar Scála Beag, ní cheadaítear don Acmhainn Ghiniúna Suiteáilte a bheith níos mó ná an Uasacmhainn Iompórtála (MIC), agus dá bhrí sin ní féidir leis an MEC a bheith níos mó ná an MIC.
An sainmhíniú atá ar an Uasacmhainn Easpórtála (MEC) ná an chumhacht uasta in kVA atá ceadaithe ag ESB Networks lena haistriú ó nascphointe an chustaiméara chuig Líonra an Oibreora Córais Dáileacháin.
Tabhair faoi deara: Déanfar an fhoirm iarratais tosaigh agus na doiciméid a ghabhann léi a sheiceáil chun a n-iomláine, cruinneas agus comhlíonadh a fhíorú; eiseofar sonrasc ansin le haghaidh an táille iarratais ábhartha. Ní mheastar an t-iarratas críochnaithe go dtí go n-íoctar an táille iarratais ghaolmhar.
Bunaithe ar na sonraí a chuirtear ar fáil san iarratas, agus i bhfianaise an tseans go n-imreoidh suiteálacha tionchar ar an gcóras dáileacháin, beidh ar ESB Networks measúnú teicniúil iomlán a dhéanamh ar nascphointe sula n-eiseofar tairiscint naisc d’fhonn a áirithiú nach sáraítear an acmhainn nasctha; go gcoinneofar sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht na heangaí; agus chun a fháil amach cén cineál oibreacha uasghrádaithe, más ann, a bheidh ag bheidh le déanamh ar an gcóras chun an nasc a éascú. Mar thoradh ar an ardéileamh atá ann faoi láthair, bíonn tréimhse idir 8 agus 10 seachtain ar an meán ó dháta íoctha an táille iarratais i gceist chun na doiciméid tairisceana a eisiúint. I gcás líon beag iarratas casta, seans go dtógfaidh an chéim seo beagán níos faide.
Chun sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht leanúnach na heangaí a áirithiú, ní mheasfar go bhfuil aon tairiscint ná comhaontú maidir le nascadh tar éis teacht i bhfeidhm go dtí go mbeidh an measúnú teicniúil riachtanach déanta ag ESB Networks. Níor cheart tabhairt faoi ghníomh ar bith chun an trealamh giniúna sonraithe a nascadh mura gcuirtear, agus go dtí go gcuirfear, mionsonraí na tairisceana naisc in iúl duit agus go nglacfar leo.