Chun an caillteanas fuinnimh a laghdú, táimid ag infheistiú go mór faoi láthair chun an voltas a mhéadú le haghaidh cuid mhaith den líonra meánvoltais tuaithe, ó fheidhmiú 10kV go feidhmiú 20kV.
Tá claochladáin uasghrádaithe nua againn, agus tá cuid de na líonraí MV á n-aistriú againn go 20kV. Ar na bealaí sin, táimid ag bogadh i dtreo éifeachtúlacht níos fearr. Tá laghdú suntasach ar chaillteanas agus coigilteas iontach bainte amach againn mar gheall ar uasghrádú agus daingniú mar sin.