Le hiarratas a dhéanamh mar thionscadal faoi stiúir an phobail, ní mór do do thionscadal a bheith ag teacht leis na ceanglais seo:
- Uasacmhainn Easpórtála (MEC) níos mó ná 0.5 MW nó cothrom leis agus níos lú ná 5 MW nó cothrom leis;
- Úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite seo a leanas (agus ní in éineacht le teicneolaíochtaí giniúna neamh-in-athnuaite): tuirbíní gaoithe (gaoth), grianphainéil fhótavoltacha (grianchumhacht), tuirbíní hiodrálacha (uisce), ach gan tionscadail taiscthe caidéalaithe, tionscadail dramhaíl go fuinneamh, tionscadail bhithmhaise agus tionscadail bhithgháis a áireamh.
Ina theannta sin, caithfidh an tionscadal faoi stiúir an phobail a bheith ag teacht leis na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ag gach tráth ábhartha, caithfidh an tionscadal a bheith faoi úinéireacht 100%* ar a laghad Pobal Fuinnimh In-Athnuaite (an "Pobal Fuinnimh In-Athnuaite Ábhartha"), trí bhíthin (i) sócmhainní an tionscadail ECP a bheith faoina úinéireacht dhíreach, nó (ii) na scaireanna sa ghineadóir a bheith faoina úinéireacht dhíreach; agus
(b) ag gach tráth ábhartha, caithfear 100%* ar a laghad de na brabúis, de na díbhinní agus de na barrachais ar fad a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal a chur ar ais chuig an bPobal Fuinnimh In-athnuaite Ábhartha.