A luaithe a mheasfaidh ESB Networks an t-iarratas a bheith réidh, eiseofar Comhaontú Nasctha ina mbeidh luaite an acmhainn giniúna leabaithe agus na riachtanais éigeantacha cosanta comhéadain (Cosaint Comhéadain Giniúna Leabaithe (EGIP)) nach mór duit cloí leo.
Tá comhaontuithe nasctha maidir le gineadóirí neamh-easpórtála á n-eisiúint faoi láthair trí DocuSign agus is féidir glacadh leis an tairiscint nasctha ar dhá bhealach:
Rogha 1 - Sínigh an tairiscint nasctha trí DocuSign. Ní mór do dhuine laistigh den eagraíocht a bhfuil an t-údarás cuí aige nó aici an Comhaontú Nasctha a shíniú; ní bheidh síniú finné ag teastáil i gcás DocuSign.
Rogha 2- Íoslódáil agus priontáil an Comhaontú Nasctha ó DocuSign. Sa chás seo, ní mór do dhuine laistigh den eagraíocht a bhfuil an t-údarás cuí aige nó aici an tairiscint nasctha a shíniú; beidh síniú finné ag teastáil ina leith seo. Ba chóir cóip bhog den chomhaontú nasctha a chur ar ais chuig DSOGenerators@esb.ie agus cruachóip a chur chuig an seoladh seo thíos:
ESB Networks CGA
Seomra F16
Foirgneamh Chéim 1
Bóthar Bhaile na Lobhar
Carraig an tSionnaigh
Baile Átha Cliath 18
D18 XN80
Ná suiteáil gineadóir neamh-easpórtála (MEC = 0) mura bhfuil an Comhaontú Nasctha lena mbaineann sínithe agus seolta ar ais agat, agus ná hoibrigh an trealamh go dtí go bhfuil tástáil finné déanta ag ESB Networks ar an gCosaint. Ní rachfar ar aghaidh le haon oibreacha go dtí go mbeidh na coinníollacha atá sa Chomhaontú Nasctha comhlíonta agus go mbeidh aon obair thógála atá le déanamh ag ESB Networks curtha i gcrích. Téigh i dteagmháil le ESB Networks ag egipwitnesstesting@esb.ie, roimh fhuinnmhiú, chun Tástáil Finné EGIP a shocrú.