Tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar ESB Networks CGA ina cháil mar Oibreoir Ceadúnaithe an Chórais Dáileacháin (DSO) (PDF | 1 MB).
Ón 14 Deireadh Fómhair 2015, is féidir leis an bpobal rochtain a lorg: 1) ar thaifid a bhaineann le feidhmeanna ESB Networks CGA faoina Cheadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin a
cruthaíodh ar an 21 Aibreán 2008 nó ina dhiaidh sin, agus 2) ar fhaisnéis phearsanta gan aon srianta ó thaobh dáta de.
D'fhonn ligean do ESB Networks CGA a ghnó a sheoladh go cuí, is minic a chaithfear cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna scaoileadh faoi imthosca sonracha atá leagtha amach san Acht
um Shaoráil Faisnéise.
I measc na ndíolúintí sin tá taifid a bhaineann le faisnéis atá faoi rún nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus faisnéis phearsanta a bhaineann le
daoine eile. Má bhíonn gá le haon díolmhú, míneoimid na cúiseanna duit.
Is féidir diúltú d'iarratas ar chúiseanna eile chomh maith, mar shampla, má bhíonn sé doiléir. I gcásanna den sórt sin, déanfaimid gach iarracht cabhrú leat na fadhbanna
a bhaineann le d'iarratas a réiteach seachas diúltú dó scun scan.
Bíodh a fhios agat nach bhfuil ESB san áireamh mar chomhlacht forordaithe saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Dá réir sin, ní féidir leis an Oifig um Shaoráil
Faisnéise in ESB Networks CGA iarratais um shaoráil faisnéise a bhaineann le Bord Soláthair an Leictreachais (nó ESB mar is fearr aithne air) a phróiseáil.
An Ceadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin
(PDF | 1 MB)