I gcás go mbeidh gá le méadar nua leis an méid a easpórtáiltear a thomhas, sceidealófar an obair leis an méadar nua a shuiteáil faoin gClár um Méadrú Cliste atá ar bun faoi láthair.
Tá an Clár um Méadrú Cliste ag obair faoi láthair le gnáth-mhéadair aon phas 24 ur (MCC01) a athsholáthar. Faoi na rialacha reatha atá fógartha ag an CRU, má tá tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, beidh ort méadar cliste a bheith agat le híocaíocht a fháil as an méid fuinnimh a dhéanann tú a easpórtáil. I gcás go bhfuil custaiméir incháilithe do mhéadar cliste, déanfaidh ESB Networks a dhícheall méadar cliste a shuiteáil tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dó foirm iarratais bhailí maidir le micrighiniúint (NC7) a phróiseáil. Déanfaidh ESB Networks teagmháil leat roimh shuiteáil do mhéadair chliste. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclár um méadrú cliste, féach an tUasghrádú chuig Méadair Chliste
Mura bhfuil tú incháilithe méadar cliste a fháil le linn na céime seo den rolladh amach, tá sé leagtha amach ag an CRU go n-íocfar thú bunaithe ar ríomh measta easpórtála go dtí go mbeidh méadar cliste oiriúnach ar fáil le haghaidh an chineáil naisc atá agat agus é suiteáilte mar chuid de rolladh amach céimnithe an Chláir um Méadú Cliste. Fógróidh an CRU sonraí faoin ríomh sin in am trátha.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir le cén chaoi a bhfaighidh custaiméirí íocaíocht as leictreachas easpórtáilte, cathain ba cheart dóibh a bheith ag súil leis sin, agus cén sórt méadair a chaithfidh tú a bheith agat, féach láithreán gréasáin an CRU ag Luach saothair d’fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas easpórtáilte