icon new connection for multi unit

Tréimhse an Tionscadail agus Praghsáil Thipiciúil

Nuair a bheidh na doiciméid iarrtha go léir agat, níor chóir go dtógfadh an próiseas iarratais ach idir 10 nóiméad agus 15 nóiméad.

Is é is aidhm dúinn meastachán agus Comhaontú Forbartha a chur ar fáil laistigh de 90 lá i ndiaidh dúinn iarratas críochnaithe a fháil.

Déantar costais an nasctha a ríomh bunaithe ar na táillí caighdeánacha arna gceadú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas a thugtar sa doiciméadTáillí i gcomhair Nascadh leis an gCóras Dáileacháin (PDF | 178 KB). Tá tuilleadh eolais maidir leis na táillí nasctha le fáil sa doiciméad Ráiteas Táillí ESB Networks CGA PDF | 508 KB.

I gcás naisc a bheidh ag tacú le lóid mhóra leictreachais, tá seans ann go mbeidh go leor ama ag teastáil chun an modh is fearr a shocrú leis an nasc a chur i gcrích, mar aon le costais a mheas agus an obair féin a dhéanamh. Tiocfaidh athrú ar achar ama an tionscadail ag brath ar an méid oibre a bheidh ag teastáil, agaí tionscanta agus sceideal oibre an chustaiméara.

Ar aghaidh

Déan teagmháil linn