Laghdú Éilimh Rialaithe

Cad is Laghdú Éilimh Rialaithe ann?

Nuair a bhíonn easnamh giniúna ar an gcóras leictreachais, beidh ar ESB Networks, mar a ordóidh EirGrid, éileamh ar leictreachas a laghdú agus beidh gearrthacha sealadacha do roinnt custaiméirí ann mar thoradh air sin. Gníomh éigeandála a bheidh ann ar gearrfhógra nuair nach bhfuil dóthain giniúna ar fáil chun freastal ar an éileamh. Tagann an freagra seo leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr agus déantar an beart chun gearradh níos tromchúisí, níos faide agus níos neamhrialaithe ar fud na tíre a sheachaint. Má tharlaíonn a leithéid, beidh nuashonruithe fíor‑ama agus liosta na gceantar atá buailte le fáil ar www.powercheck.ie.

Ceisteanna coitianta maidir leis an laghdú éilimh rialaithe

An Beartas maidir le Custaiméirí Leochaileacha 

Príomhthosaíocht do ESB Networks é tacú le custaiméirí leochaileacha a bheadh i mbaol dá dteipfeadh ar a soláthar leictreachais. I measc na gcustaiméirí leochaileacha siúd tá daoine a dteastaíonn trealamh leictrileighis ríthábhachtach uathu gach lá.

Ceisteanna Coitianta – Laghdú Éilimh Rialaithe – Custaiméirí Leochaileacha

Déan teagmháil linn