Tá Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó beo anois 

  • Seans gur chuala tú iomrá ar na tionscnaimh a bhain le Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó (Beir Bua ar an mBuaic – An Clár Gníomhach do Chustaiméirí Tráchtála, agus Beir Bua ar an mBuaic – An Gealltanas do Chustaiméirí Tráchtála [Laethúil]) a bhí ag ESB Networks sa gheimhreadh in 2022 agus sa samhradh in 2023.  Táimid le leagan úr den scéim seo a sheoladh dar teideal Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó. Scéim atá ann le go mbeidh custaiméirí tráchtála leictreachais agus sainchuideachtaí bainistíochta fuinnimh in ann acmhainn solúbthachta a sholáthar don líonra leictreachais in Éirinn. 

  • Féadfaidh custaiméirí tráchtála leictreachais incháilithe a gcion féin a dhéanamh agus a n-éileamh a laghdú tráth a mbeidh difear beag ann idir an soláthar leictreachais agus an ghiniúint leictreachais, agus íocaíocht a fháil as.

  • Beidh an scéim á reáchtáil ó mhí na Samhna 2023 go mí an Mhárta 2025. Tá seans ann go gcuirfear síneadh leis an scéim chomh fada leis an samhradh in 2025.  

  • Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó, ba chóir logáil isteach ar eTenders anseo agus cuardach a dhéanamh ar CfT: 3471707, Is ansin a fheicfidh tú treoracha don dóigh le hiarratas a dhéanamh, mar aon leis na téarmaí conartha agus taraifí ar fad.

    Féach eTenders anois

     

    Céard is Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó ann? 

    • Scéim freagartha don éileamh is ea Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó ó ESB Networks. Féadfaidh úsáideoirí tráchtála leictreachais incháilithe íocaíocht a fháil as a n-éileamh ar an leictreachas a laghdú idir 4:30 i.n. agus 7:00 i.n, le linn na tréimhse seirbhíse, ar laethanta oire (Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí).

    • Beidh an buaicéileamh leictreachais ann de ghnáth idir 5.00 i.n. agus 7.00 i.n., Luan go hAoine. Toisc go mbíonn éileamh níos mó ar fhuinneamh sa tréimhse seo, is dócha go mbeidh Éire ag brath níos mó ar bhreosla iontaise iompórtáilte leis an éileamh leictreachais a shásamh, rud a fhágann go mbeidh an bhuaicthréimhse an-chostasach agus dian ó thaobh carbóin de.

    • Iarrfar ar úsáideoirí tráchtála leictreachais incháilithe a n-éileamh ar leictreachas a laghdú gach lá nó a mhinice agus is féidir le linn na tréimhse seirbhíse fad a mhairfidh an scéim.

    Cad is Freagairt don Éileamh? 

    • Déanann úsáideoirí leictreachais a n-úsáid a athrú mar fhreagairt ar an éileamh mar chuid den iarracht na córais leictreachais in Éirinn a chothromú. Leis sin a dhéanamh, b’fhéidir go ndéanfaidís a n-éileamh leictreachais a laghdú nó a athrú chuig am eile le linn tréimhsí áirithe den lá. 

    • Má dhéanann siad a n-úsáid leictreachais a laghdú ag na hamanna is costasaí agus is déine ó thaobh carbóin de (buaicuaireanta 5.00 i.n. go 7.00 i.n. de ghnáth), féadfaidh úsáideoirí leictreachais laghdú a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí carbóin de agus ina gcuid billí leictreachais. Beidh siad in ann dreasachtaí airgeadais a dhéanamh as a leithéid a dhéanamh chomh maith trí scéimeanna mar Beir bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó.

    • An aidhm atá le Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó ná luach saothair a thabhairt d’úsáideoirí leictreachais as smacht a choinneáil ar a n-úsáid leictreachais mar fhreagairt ar an éileamh. 

    Cad é mar a oibríonn Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó?

    Cad é mar is féidir páirt a ghlacadh sa scéim Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó?

    Le tuilleadh eolais a fháil:

    • Más mian leat eolas ginearálta a fháil maidir le Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó, seol ríomhphost chuig btp@esb.ie.Ós rud é gur trí phróiseas foirmiúil soláthair phoiblí a ndéantar an t-iarratas ar Beir Bua ar an mBuaic, ba cheart aon cheisteanna faoi leith a bhaineann leis an Tairiscint a chur isteach ar an áis teachtaireachtaí ar thairseach eTenders. Má bhíonn deacracht agat leis an tairseach eTenders, ba chóir cliceáil  anseo.  

    • Más úsáideoir tráchtála fuinnimh thú nó más sainchuideachta bainistíochta fuinnimh atá agat, más mian leat iarratas a dhéanamh ar Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó, ba chóir logáil isteach ar eTenders  anseo agus cuardach a dhéanamh ar CfT 3471707. Is ansin a fheicfidh tú treoracha don dóigh le hiarratas a dhéanamh, mar aon leis na téarmaí conartha agus taraifí ar fad.

    Déan teagmháil linn