Mol Páirtithe Leasmhara

Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara

Chun gréasán cuimsitheach a thógáil a thacaíonn le riachtanais fuinnimh mhuintir uile na hÉireann, ní mór dúinn éisteacht le tuairimí agus léargais éagsúla agus meas a léiriú orthu. Caithfimid a bheith trédhearcach agus ár gcuid pleananna a chur in iúl. Ní mór dúinn eolas a chomhroinnt leis an tionscal ar bhealach oscailte tráthúil, ní mór dúinn teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le custaiméirí, agus leis an tionscal. Sa rannán seo, tá teacht ar: 

  • Eolas faoinár gComhairle Chomhairleach (cliceáil anseo), (le miontuairiscí cruinnithe agus cuir i láthair). 
  • Ár gcomhairliúcháin reatha (cliceáil anseo) / glaonna ar ionchur (cliceáil anseo) / pleananna seachadta (cliceáil anseo) - ba mhór againn d’ionchur maidir leis na nithe seo go léir.
  • Eolas faoinár gcomhairliúcháin / glaonna ar ionchur / pleananna seachadta roimhe seo ar chuir ár bpáirtithe leasmhara bonn eolais fúthu.
  • Áit le clárú dár mbunachar sonraí páirtithe leasmhara chun fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn an chláir.

Cláraigh Anseo

Cabhraíonn ESB Networks go gníomhach le gach custaiméir agus pobal leictreachais páirt ghníomhach a ghlacadh chun plean na hÉireann um ghníomhú ar son na haeráide a chur i ngníomh. Lorgaímid aiseolas ar bhonn rialta ó pháirtithe leasmhara tionscail agus ó chustaiméirí chun cabhrú lenár ngníomhaíochtaí agus pleananna cláir a mhúnlú.  

Cinnteoimid go mbeidh líonra leictreachais na hÉireann ullamh chun freastal ar riachtanais athraitheacha agus éabhlóideacha ár gcustaiméirí i dtodhchaí ghlan leictreach.


Rannpháirtíocht na bPáirtithe Leasmhara

Get in Touch
Phone
1800 372 757
Email
Support