Tá go leor deiseanna ann chun páirt a ghlacadh, mar shampla:
Trí nascadh leis an eangach agus leictreachas in-athnuaite a ghiniúint. Ceann de na príomhchuspóirí atá leis an gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’ ná feabhas a chur ar éascaíocht agus luas na rochtana ar an nginiúint in-athnuaite nua. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo, déan teagmháil linn ag engagement@esbnetworks.ie.
Is féidir leat páirt a ghlacadh inár dtionscnaimh. Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála leictreachais, mar shampla, a bheith páirteach trí laghdú a dhéanamh ar a n-úsáid leictreachais le linn buaic-uaireanta agus Buaic-Imeachtaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár bhfeachtas ‘An am maith é seo’, cliceáil anseo
Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár dtionscnaimh ‘Beir Bua ar an mBuaic – Gnó’, cliceáil anseo.
Fáiltímid roimh aiseolas agus táimid ag lorg custaiméirí agus páirtithe leasmhara i gcónaí le bheith páirteach trí chur lenár gcomhairliúcháin phoiblí. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi na comhairliúcháin.