An tAistear

National Network, Local Connections Timeline


COLLABORATION How We Deliver : By listening to our people, industry, customers and communities PHASE 1: High Level
    Design & Rollout Plan PHASE 2A: Piloting, in parallel with detailed design and builds. PHASE 2B: Full rollout & Scaling PHASE 3: Building towards 2030 2021 2022 2024 2026 2030

Download Timeline PDF here

Cad atá i gceist leis an gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’?

Bunaíodh an Clár chun cabhrú le cumas na hÉireann spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide a bhaint amach a neartú trí thodhchaí leictreach níos glaine a sholáthar do chách. 

Tuigimid an tábhacht a bhaineann le carbón a bhaint den tsochaí seo againne agus chun é sin a dhéanamh, tá gá le hathruithe bunúsacha a dhéanamh sa tionscal fuinnimh maidir leis an gcaoi a ngineann, a stórálann agus a ídíonn Éire leictreachas ar bhonn laethúil. 

Faoi 2030, tá sé mar aidhm againn tacú le gach custaiméir leictreachais a n-úsáid fuinnimh féin a bhainistiú trí tháirgí, seirbhísí agus eispéiris a ligeann dóibh leas iomlán a bhaint as éileamh solúbtha agus roghanna gníomhacha a dhéanamh ina n-úsáid leictreachais féin. 

Tá tuilleadh eolais faoi sholúbthacht le fáil anseo.

Teicneolaíocht

Leagfaimid amach cén chaoi a dhéanfaimid an córas a bharrfheabhsú i gcomhair rannpháirtíocht gineadóirí in-athnuaite, custaiméirí agus pobal. Tagraíonn an chuid seo den chlár go sonrach do

  • Treoir maidir le Sonraí, Rialú agus Comharthaí
  • Treochlár na nArdán agus na nDeaiseanna
  • Treochlár na gCóras Oibríochtaí

 

Dearadh Margaidh

Déanfaimid na socruithe margaidh a athshamhlú d’fhonn na córais a dhéanamh níos solúbtha. Baineann an chuid seo den chlár go sonrach le

  • Plean solúbthachta margaidh
  • An Chéad Ghlao ar Thairiscintí
  • An Treochlár Cónaithe

 

Déan teagmháil linn