Clár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’

Cad atá i gceist leis an gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’?

Bunaíodh an Clár chun cabhrú le cumas na hÉireann spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide a bhaint amach a neartú trí thodhchaí leictreach níos glaine a sholáthar do chách. 

Tuigimid an tábhacht a bhaineann le carbón a bhaint den tsochaí seo againne agus chun é sin a dhéanamh, tá gá le hathruithe bunúsacha a dhéanamh sa tionscal fuinnimh maidir leis an gcaoi a ngineann, a stórálann agus a ídíonn Éire leictreachas ar bhonn laethúil. 

Faoi 2030, tá sé mar aidhm againn tacú le gach custaiméir leictreachais a n-úsáid fuinnimh féin a bhainistiú trí tháirgí, seirbhísí agus eispéiris a ligeann dóibh leas iomlán a bhaint as éileamh solúbtha agus roghanna gníomhacha a dhéanamh ina n-úsáid leictreachais féin. 

Tá tuilleadh eolais faoi sholúbthacht le fáil anseo.

Eolas faoin gClár ‘Líonra Náisiúnta, Naisc Áitiúla’

Tuilleadh eolais faoinár gclár

Déan teagmháil linn