Réamhrá ar Sholúbthacht

Cad is Solúbthacht ann?

  • Tagraíonn Solúbthacht nó Éileamh Solúbtha don chumas úsáid leictreachais a choigeartú nó a athrú mar fhreagra ar athruithe ar sholáthar nó ar éileamh. Cuireann sé ar chumas custaiméirí smacht níos fearr a bheith acu ar an am a úsáideann nó a stórálann siad leictreachas, ag brath ar ghiniúint in-athnuaite áitiúil agus ar choinníollacha an líonra leictreachais.  
  • Tríd an éileamh ar fhuinneamh a aistriú go hamanna ina bhfuil go leor fuinnimh in-athnuaite á ghiniúint go háitiúil, is féidir linn ár gcostais náisiúnta fuinnimh agus ár lorg carbóin a laghdú. 
  • Cuireann táirgí um éileamh solúbtha ar chumas gnólachtaí agus custaiméirí tí smacht a fháil ar a n-úsáid leictreachais agus leas a bhaint as costais laghdaithe agus lorg carbóin laghdaithe.  
  • Tugann ár dtáirgí agus seirbhísí solúbthachta na dreasachtaí agus an fhaisnéis iomchuí do chustaiméirí chun é seo a dhéanamh go héifeachtach.

Éileamh Solúbtha - Táirgí agus Seirbhísí

  • Braitheann Éileamh Solúbtha ar na roghanna a dhéanaimid go léir inár dtithe, inár bhfeirmeacha agus inár ngnólachtaí, maidir le conas, cathain agus cé mhéad leictreachas a úsáidimid. Tá ESB Networks ag forbairt táirgí agus seirbhísí um éileamh solúbtha chun na dreasachtaí agus an fhaisnéis iomchuí a chur ar fáil do chustaiméirí agus do phobail chun cabhrú le Plean na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide a sheachadadh. 
  • Leanfaidh custaiméirí agus páirtithe leasmhara ar fud an tionscail fuinnimh agus níos faide i gcéin ar aghaidh ag cabhrú linn múnlú a dhéanamh ar conas a bhainfidh Éireann éileamh solúbtha leictreachais 15-20% amach faoi 2025 agus 20-30% faoi 2030. 
  • Leanfaidh táirgí um Éileamh Solúbtha ar aghaidh ag cur deiseanna nua ar fáil do gach custaiméir leictreachais chun leas a bhaint as ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide.  

Spriocanna Náisiúnta um Éileamh Solúbthachta

  • Tar éis an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 a fhoilsiú i mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh ESB Networks a Straitéis Líonraí i dTreo na Neodrachta i mí Eanáir 2023 (cliceáil anseo chun é a léamh) ina léirítear tiomantas soiléir do bheartais agus uaillmhianta na hÉireann um ghníomhú ar son na haeráide. Le práinn atá ag méadú, táimid ag obair i dtreo sprioc an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide maidir le héileamh solúbtha 15-20% a bhaint amach faoi 2025, ag cur leis an sprioc 20-30% faoi 2030 a bhí ann cheana féin.
  • Creideann ESB Networks go mbeidh Éileamh Solúbtha lárnach do chumas na hÉireann astuithe carbóin a laghdú, trí fhás ar an éileamh ísealcharbóin a chumasú trí éileamh nua nó athrú ar fhuinneamh a mheaitseáil le giniúint fuinnimh in-athnuaite.

Get in Touch
Phone
1800 372 757
Email
Support