Exception occured while executing the controller. Check error logs for details.

An Chumhacht á Cur i do Lámha

Táimidne in ESB Networks ag feabhsú na seirbhísí ar líne a chuirimid ar fáil dár gcuid custaiméirí go leanúnach. Cuireann Cuntas ar Líne ESB Networks an chumhacht i do lámha le cabhrú leat an méid leictreachais a úsáideann tú a choinneáil faoi smacht.  

Le Cuntas ar Líne ESB Networks, beidh fáil agat ar réimse seirbhísí a chuirfidh thusa sa diallait. 

Seirbhísí atá ar fáil i do Chuntas ar Líne:

  • Is féidir le custaiméirí a bhfuil méadar cliste acu rochtain a fháil ar a gcuid sonraí leictreachais agus iad a íoslódáil, rud a chuireann ar a gcumas smacht a choinneáil ar an méid fuinnimh a úsáideann siad.   
  • Is féidir iarratas a dhéanamh in aon áit amháin chun nasc leictreachais nua a fháil le haghaidh do thí, d’fheirme nó do ghnó.   
  • Faigh amach cén chaoi ar féidir leat luach saothair a fháil as smacht a choinneáil ar an méid leictreachais a úsáideann tú tríd an gclár ‘An Am Maith É Seo?’. 
  • Is féidir d’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) a fháil go tapa éasca trí do chuntas ar líne, leis.   
  • Is féidir breathnú ar líne ó áit ar bith ar stádas is déanaí d’áite cónaithe ó thaobh gearradh cumhachta de chomh maith.   
  • Mura bhfuil Méadar Cliste agat, is féidir leat do léamh méadair a chur isteach tríd an gcuntas ar líne. 

FAQs 

Le tuilleadh eolais a fháil agus le breathnú ar na Ceisteanna Coitianta, cliceáil anseo.

Get in Touch
Phone
1800 372 757
OR 353 21 2386555
Email
Contact Us