Scagadh i gcomhair Nascadh leis an mBonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha

Scagadh i gcomhair Nascadh leis an mBonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha

Chun tacú le leictriú a dhéanamh ar earnáil an iompair, tá próiseas scagtha leagtha amach againn chun faisnéis shonrach a chur ar fáil i dtaobh láithreacha atá á meas ag custaiméirí le haghaidh bonneagar poiblí chun feithiclí leictreacha a luchtú.  Is é an toradh a bheidh ar an bpróiseas scagtha sin ná stádas Corcra-Dearg-Ómra-Glas i leith an líonra dáileacháin i gcomhair na láithreacha atá beartaithe acu. 

Pointí tábhachtacha:

1. Ní hionann láithreacha a chur isteach lena scagadh agus iarratas a dhéanamh ar nascadh leis an gcóras dáileacháin.  Féadfaidh custaiméirí iarratais a chur isteach i leith a láithreacha an tráth a n-iarrann siad an scagadh, nó féadfaidh siad fanacht le torthaí an phróisis scagtha roimh iarratais a chur isteach.

Ní mór iarratas foirmiúil a chur isteach chuig ESB Networks ionas go ndéanfar fiosrúchán i dtaobh nasctha.  Eiseofar tairiscint maidir le nascadh in am trátha ar bhonn an fhiosrúcháin sin.  Is in ord a bhfála a dhéantar fiosrúchán ar na hiarratais. 

2. Ba cheart caitheamh le toradh an phróisis scagtha mar mheasúnú ardleibhéil ar infhaighteacht an líonra.  Níl sé bunaithe ar fhiosrúchán iomlán maidir le nascadh, rud a dhéanfar mar chuid den phróiseas foirmiúil a bhaineann le hiarratas ar nascadh.  Beidh toradh an scagtha bailí tráth a eisiúna agus ní hionann é agus dearbhú go soláthrófar nasc i rith na tréimhse a shonraítear ná ar an gcostas measta a luaitear.  Is féidir le hiarratais ó chustaiméirí eile agus glacadh le tairiscintí i gcás custaiméirí eile dul i bhfeidhm ar an bhfáil atá ar an líonra.

Bítear ag súil leis go bhfaighfear iarratais ar láithreacha a scagadh ó Oibreoirí Pointí Luchtaithe a bhféadfadh cúpla rogha a bheith acu maidir le láithreacha.  I gcás custaiméirí nach bhfuil acu ach aon rogha amháin, ba cheart dóibh díreach iarratas a dhéanamh ar nascadh.  I ngach cás iarrtar ar chustaiméirí ESB Networks a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir leo é mura bhfuil sé i gceist acu leanúint ar aghaidh le hiarratas.

I gcás custaiméirí a bhfuil toilleadh cumhachta 100 kVA nó níos lú uathu, moltar dóibh díreach iarratas a dhéanamh ar nascadh, toisc gur tréimhse 15 lá oibre atá leagtha amach i gcomhair luachan i dtaobh nasctha do na custaiméirí sin, mar a shonraítear sa 12 ráthaíocht seirbhíse atá againn.  Is é sin an bealach is tapa chun luachan a fháil i gcás custaiméirí a bhfuil toilleadh suas le 100 kVA acu. 

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil an próiseas seo á thabhairt isteach ar bhonn céimneach agus go bhfuil fáilte roimh chustaiméirí an bhonneagair luchtaithe feithiclí leictreacha eolas a chur chuig an seoladh ríomhphoist screening@esb.ie, chun cabhrú linn an próiseas a fheabhsú tuilleadh.

Is iad seo an dá rogha atá ann i gcomhair an phróisis scagtha:

A. SCAGADH ROIMH IARRATAS AR NASCADH a CHUR ISTEACH

1. Iarrann custaiméirí tacaíocht mar seo a leanas: 

  • Seolann an custaiméir ríomhphost chuig ESB Networks ag screening@esb.ie chun an fhoirm scagtha a iarraidh. 
  • Líonann an custaiméir isteach an fhoirm i leith 10 láthair ar a mhéad.
  • Seolann an custaiméir an fhoirm sin chuig screening@esb.ie.
  • Déanann ESB Networks athbhreithniú ar an bhfoirm; má tá faisnéis bhreise ag teastáil gheobhaidh an custaiméir ríomhphost ó screening@esb.ie á hiarraidh.
  • I gcás custaiméirí a líonfaidh isteach an fhaisnéis go léir atá ag teastáil, gheobhaidh siad fógra go bhfuiltear á gcur ar aghaidh chuig an bpróiseas faoina ndéantar scagadh ar láithreacha.

2. An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost. 

3. An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost. 

B. IARRATAS AR SCAGADH AGUS NASCADH

1. Nascadh nua a chur isteach ar líne:

  • Cuireann an custaiméir nascadh nua isteach ar líne.
  • Seolann an custaiméir fógra maidir le hiarratas ar scagadh chuig screening@esb.ie ina luaitear uimhir aitheantas an fhógra a fuarthas tar éis an iarratais. (Sampla d’uimhir aitheantas fógra is ea 5000XXXXXX).
  • Déanann ESB Networks athbhreithniú ar an iarratas ar nascadh nua. Má tá faisnéis bhreise ag teastáil, gheobhaidh an custaiméir ríomhphost ó screening@esb.ie á hiarraidh. 
  • Tabharfar fógra don chustaiméir nuair a thosófar ag déanamh scagadh i leith an iarratais. 

2.An próiseas atá ag ESB Networks chun láithreacha a scagadh:

  • Leanfaidh ESB Networks an próiseas chun láithreacha a scagadh agus cuirfidh sé toradh an phróisis in iúl don chustaiméir ar an ríomhphost.

3. Déanann an custaiméir a roghanna a mheas. Ní mór do chustaiméirí ESB Networks a chur ar an eolas más mian leo leanúint ar aghaidh lena n-iarratas  ar nascadh nó é a tharraingt siar (agus uimhir aitheantais an fhógra á lua) ón bpróiseas chun iarratas a dhéanamh ar nascadh nua. 

Déan teagmháil linn