Deartar rialuithe inmheánacha chun a chinntiú go ndéantar na rudaí cearta, ar na cúiseanna cearta, ar an mbealach ceart, agus ag an am ceart. Ceaptar iad chun dearbhú réasúnta a thabhairt go ndéantar rioscaí a bhainistiú go cuí, agus go mbaintear cuspóirí amach. Déantar é seo trí bheartais, nósanna imeachta, treoirlínte oibriúcháin, treoracha, córais faisnéise agus próisis mhonatóireachta agus tuairiscithe.
Cé atá freagrach as Córas Rialaithe Inmheánaigh ESB Networks?
Tá freagracht iomlán ar Bhord ESB Networks CGA as athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar chóras rialuithe inmheánacha na Cuideachta (lena n-áirítear rialuithe airgeadais), agus as monatóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht.
Rialú Inmheánach
Tá an córas rialaithe inmheánaigh deartha chun cinnteacht réasúnta, ach ní ráthaíocht iomlán, a thabhairt i gcoinne riosca de mhíráitis ábhartha nó caillteanas. Chun a chinntiú go gcomhlíonann na rialuithe inmheánacha an reachtaíocht agus na rialacháin, tá struchtúr eagraíochtúil bunaithe lena mbaineann nósanna imeachta soiléire oibriúcháin agus tuairiscithe, línte freagrachta, teorainneacha údaraithe, leithscaradh dualgas agus údarás tarmligthe.
Creat Rialuithe Inmheánacha ESB Networks
Áirítear na nithe seo a leanas inár gcreat;
- Cód Iompair Bord ESB Networks CGA | Íoslódáil PDF a éilíonn ar gach comhalta Boird agus gach fostaí de chuid ESB Networks CGA na caighdeáin eiticiúla is airde a choinneáil agus iad i mbun gnó.
- Struchtúr eagraíochtúil atá sainithe go soiléir agus lena mbaineann teorainneacha údaráis agus sásraí sainithe maidir le tuairisciú chuig leibhéil níos airde bainistíochta agus chuig Bord ESB Networks CGA a thacaíonn chun timpeallacht rialaithe láidir a chothabháil.
- Creat rialachais ESB Networks lena n-áirítear anailís riosca, athbhreithniú ar rialú airgeadais agus ráitis fhoirmiúla bliantúla um chomhlíonadh rialachais ó Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks.
- Sraith chuimsitheach beartas agus nósanna imeachta maidir le rialuithe oibriúcháin agus airgeadais.
- Bíonn faomhadh Bhord ESB Networks CGA ag teastáil de réir na leibhéal údaráis tharmligthe, agus déantar monatóireacht ghéar orthu ar bhonn leanúnach.
- Córais chuimsitheacha buiséadaithe lena mbaineann buiséad bliantúil arna fhaomhadh ag Bord ESB Networks CGA agus Bord BSL.
- Córas cuimsitheach tuairiscithe airgeadais.
- Seirbhís líne cabhraí rúnda BSL chun bealach rúnda, gan ainm más gá, a sholáthar don fhoireann chun calaois nó imní eiticiúil a thuairisciú.
- Beartas um Sceithireacht agus Nochtadh Cosanta
- Beartas Frithbhreabaireachta, Éillithe agus Calaoise
Monatóireacht ar Rialú Inmheánach
Déanann niúchadh Inmheánach Ghrúpa BSL athbhreithniú córasach ar na rialuithe seo. Sna hathbhreithnithe seo, cuirtear béim ar na réimsí is mó riosca. Cinntíonn Bord ESB Networks CGA go bhfuil córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm ar a ndéantar athbhreithniú agus monatóireacht ar bhonn rialta. Áirítear na nithe seo a leanas sa phróiseas a dhéanann athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais rialaithe inmheánaigh:
- Feidhm ainmnithe bainistíochta riosca in ESB Networks.
- Athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar an bpróiseas athbhreithnithe riosca leathbhliantúil agus ar na nuashonruithe rialta ar bhainistíocht riosca.
- Athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar dheimhniúcháin ón mbainistíocht ar oibriú sásúil agus éifeachtach na gcóras rialaithe inmheánaigh, idir chórais airgeadais agus chórais oibriúcháin.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar chlár Iniúchta Inmheánaigh Ghrúpa BSL agus breithniú a dhéanamh ar a gcuid torthaí agus tuarascálacha.
- Chomh maith leis sin, tuairiscíonn Iniúchadh Inmheánach Ghrúpa BSL do Bhord ESB Networks CGA dhá uair sa bhliain maidir le stádas na saincheisteanna a ardaíodh roimhe sin óna dtuarascálacha féin agus ó thuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh.
Athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh ina leagtar amach sonraí de shaincheisteanna rialaithe suntasacha a aithníodh, ag éirí as a chuid oibre mar iniúchóir.