An Próiseas Deimhnithe
An Próiseas Deimhnithe
Gach uair a chríochnaíonn conraitheoir leictreachais suiteáil nua leictreachais, síneadh, nó mionathrú ar shuiteáil a bhí ann cheana féin, ní mór dó/di tástáil a dhéanamh agus a dheimhniú go bhfuil an tsuiteáil ag cloí leis na caighdeáin reatha. Ní mór do chomhlacht rialála an chonraitheora leictreachais Deimhniú Críochnaithe Leictreachais arna bailíochtú, nuair is infheidhme, a sheoladh chuig ESB Networks sular féidir tús a chur le haon obair nasctha. Ba chóir go bhfaigheadh gach custaiméir cóip den Deimhniú Críochnaithe Leictreachais gach uair a chríochnaítear obair leictreachais. Déan cinnte de go gcoinneoidh tú cóip den deimhniú. Ar mhaithe le do shábháilteacht féin atá an ceanglas seo. I measc na gcásanna coitianta ina bhféadfadh deimhniú críochnaithe a bheith ag teastáil tá:
- Síneadh a chur le teach nó le háitreabh atá ann cheana féin
- Teach nó áitreabh nua a thógáil
- An sreangú leictreachais inmheánach a athrú in aon teach nó áitreabh
- Teach nó áitreabh atá dínasctha le breis is sé mhí a athnascadh
- Fálta leictreacha agus suiteálacha eile a nascadh.
![on-device_FB_684x850_51 woman on laptop](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/on-device_fb_684x850_51.jpg?sfvrsn=ae20f8bb_5)
![on-device_FB_684x850_51 woman on laptop](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/on-device_fb_684x850_51.jpg?sfvrsn=ae20f8bb_5)