Cad is Freagairt don Éileamh?
Cad is Freagairt don Éileamh?
Déanann úsáideoirí leictreachais a n-úsáid a athrú mar fhreagairt ar an éileamh mar chuid den iarracht na córais leictreachais in Éirinn a chothromú. Leis sin a dhéanamh, b’fhéidir go ndéanfaidís a n-éileamh leictreachais a laghdú nó a athrú chuig am eile le linn tréimhsí áirithe den lá.
Má dhéanann siad a n-úsáid leictreachais a laghdú ag na hamanna is costasaí agus is déine ó thaobh carbóin de (buaicuaireanta 5.00 i.n. go 7.00 i.n. de ghnáth), féadfaidh úsáideoirí leictreachais laghdú a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí carbóin de agus ina gcuid billí leictreachais. Beidh siad in ann dreasachtaí airgeadais a dhéanamh as a leithéid a dhéanamh chomh maith trí scéimeanna mar Beir bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó.
An aidhm atá le Beir Bua ar an mBuaic - Custaiméirí Gnó ná luach saothair a thabhairt d’úsáideoirí leictreachais as smacht a choinneáil ar a n-úsáid leictreachais mar fhreagairt ar an éileamh.
![Manufacturing-FB](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/manufacturing-fbbac54db5-a7c5-43d6-ab19-c4501d96b199.jpg?sfvrsn=ff4a2f33_5)
![Manufacturing-FB](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/manufacturing-fbbac54db5-a7c5-43d6-ab19-c4501d96b199.jpg?sfvrsn=ff4a2f33_5)