ESB Networks agus Beartas Comhshaoil
Feabh 8, 2021, 14:23 i.n.
Title :
ESB Networks agus Beartas Comhshaoil
Background color :
Is image first :
Yes
ESB Networks agus Beartas Comhshaoil
Caitheann ESB Networks dúthracht le haire a thabhairt don chomhshaol go réamhghníomhach agus lenár ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de.
Tá sé mar bheartas againn cloí go hiomlán leis an reachtaíocht chomhshaoil, agus béim ar leith ar chórais bainistíochta dramhaíola atá i gcomhréir leis an dea-chleachtas, ar chur chun cinn na hathchúrsála, agus ar dhramhaíl a choinneáil amach as an láithreán líonta talún. Tá Ráiteas Beartais maidir leis an gComhshaol curtha i dtoll a chéile againn ina dtugtar mionchuntas ar a thiomanta atáimid don chomhshaol.
Is é ár gCóras Bainistíochta Comhshaoil an creat ar dá réir a mbainimid ár gcuspóirí comhshaoil amach. Tá sé deimhnithe ag eagraíocht sheachtrach de réir Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO:14001 agus tacaíonn lenár bhfís le bheith inár ngnó inbhuanaithe den chéad scoth.
![e-car-charging_FB_684x850_32 father charging electric car](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/e-car-charging_fb_684x850_32.jpg?sfvrsn=abda2607_5)
![e-car-charging_FB_684x850_32 father charging electric car](https://www.esbnetworks.ie/images/default-source/n_feature_block_684x850/e-car-charging_fb_684x850_32.jpg?sfvrsn=abda2607_5)