An Comhaontú GMPRN
Murar chuir tú GMPRN reatha isteach faoi Chéim 2 thuas, seolfaimid Comhaontú Nasctha GMPRN chugat tar éis dúinn d'iarratas a fháil. Ní mór é sin a shíniú agus a sheoladh ar ais sula bhféadfar leanúint ar aghaidh le próiseáil d'iarratais.
Leagtar amach sa Chomhaontú Nasctha GMPRN na freagrachtaí ar leith a bhaineann le naisc neamh-mhéadraithe faoi rialacha an mhargaidh soláthair leictreachais neamh-mhéadraithe. Tugtar sonraí ann freisin faoin GMPRN a cruthaíodh le haghaidh na nasc soilsithe phoiblí go léir laistigh den fhorbairt ábhartha.
Iarratais in Ainm Údaráis Áitiúil
I gcás iarratas atá á dhéanamh in ainm údaráis áitiúil, ní mór an Uimhir Thagartha Ghrúp-Mhéadarphointe (GMPRN) reatha a lua faoina bhfuil na naisc nua le grúpáil.
Iarratais in Ainm Tógálaí/Forbróra
Má dhéanann tógálaí/forbróir iarratas ar nasc neamh-mhéadraithe i gcomhair soilsiú poiblí ina ainm féin, tabharfar GMPRN nua dó. Éileofar air Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú agus a sheoladh ar ais freisin sula bhféadfar meastachán a eisiúint.
Más mian le húdarás áitiúil freagracht a ghlacadh as an soilsiú poiblí ina dhiaidh sin, ní mór don údarás teagmháil a dhéanamh lena sholáthraí leictreachais ar dtús agus an GMPRN a thabhairt dó. Ní mór don údarás áitiúil Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú ansin leis an aistriú a chur i gcrích.