Bearradh Crann agus Bearradh Fálta

Comhairle Éigeandála

Ba chóir aon chás dainséarach, amhail crann atá ag brú in aghaidh sreanga leictreachais, nó craobhacha briste nó damáiste atá ar crochadh os cionn línte leictreachais, a chur in iúl do ESB Networks láithreach bonn ar 1800 372 999 nó 021 2382410Níor chóir i gcás ar bith go ndéanfadh tú féin nó tríú páirtí ag gníomhú ar do shon iarracht an ghuais a réiteach.

Cleachtadh a Fháil ar Línte Leictreachais Lasnairde ESB Networks a aithint

Go minic, ní thuigeann daoine an difríocht atá ann idir línte leictreachais agus línte teileafóin. Is féidir línte leictreachais a aithint mar seo a leanas:

  • Bíonn pláta guaise buí greamaithe de thaobh an chuaille.
  • Ní bhíonn aon teannta coise ag barr an chuaille.

 

Seo a leanas samplaí tipiciúla de línte leictreachais ESB Networks:

Gréasán leictreachais

 

Grasán teileac humarsáide (EIR)

 

Cuir glao ar an uimhir éigeandála 1800 372 999 nó 021 2382410 má tá amhras fós ort maidir le cé acu an bhfuil na craobhacha i dteagmháil le línte leictreachais lasnairde ESB Networks nó nach bhfuil.

Bearradh Crann agus Fálta ar do chuid Talún

An bhfuil sé i gceist agat crainn nó fálta a bhearradh ar do chuid talún? Bíodh a fhios agat gur ábhar guaise don tsábháilteacht aon fhásra atá ag fás gar do shreanga leictreachais nó trealamh de chuid ESB Networks. Tá sé de chumas sa leictreachas gníomhú trasna bearnaí agus ní gá go ndéanfá teagmháil dhíreach le sreang bheo, ná le trealamh leictreach, le bheith i ngarbhaol bháis nó fiú go marófaí thú.

Má tá an fásra atá le bearradh faoi fhad 6 mhéadar nó níos lú ó shreanga leictreachais nó ó threalamh leictreach, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar mheasúnú bearrtha crann saor an aisce trí do Chuntas ar Líne ESB Networks.

Déan iarratas ar Mheasúnú Bearrtha Crann Inniu

Má tá na crainn atá le bearradh faoi fhad 6 mhéadar nó níos lú ó shreanga leictreachais nó ó threalamh leictreach, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar mheasúnú bearrtha crann saor in aisce trí do Chuntas ar Líne ESB Networks. A luaithe agus atá an t-iarratas curtha isteach agat, déanfaimid socrú leat chun go dtiocfaidh criú bearrtha crann chun measúnú a dhéanamh ar an láthair laistigh de 4-6 seachtaine. Cinnfidh an measúnú sin cé acu an mbeidh na crainn le bearradh agatsa, an custaiméir, nó ag ESB Networks.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh moill a bheith ann i rith mhíonna an gheimhridh de dheasca drochaimsire.

Déan iarratas inniu

Toradh Measúnaithe Bearrtha Crann ar an Láthair

Má mheastar go bhfuil sé de fhreagracht ortsa an bearradh crann a dhéanamh, oibreoidh ESB Networks le do chonraitheoir lena chinntiú go gcuirfear i gcrích an obair go sábháilte. D’fhéadfadh gearradh cumhachta réamhbheartaithe a bheith i gceist. Tá sé seo saor in aisce má thugtar fógra leordhóthanach roimh ré agus má dhéantar an obair idir 9.00-16.30, Luan go hAoine. Ní chlúdóidh ESB Networks aon chostais bainistíochta tráchta, áfach.

Má mheastar go bhfuil sé de fhreagracht ag ESB Networks na crainn a bhearradh, déanfaimid an obair a sceidealú mar chuid dár gclár bearrtha crann.

Treoirlínte Sábháilteachta do Bhearradh Crann agus Fálta

 

Conraitheoirí

Ba chóir do do chonraitheoir bearrtha crann an chomhairle sábháilteachta seo a leanas a chur san áireamh ina mheasúnú riosca sábháilteachta sula gcuirtear tús leis na hoibreacha. 

  • Na bearr crainn ná fálta faoi fhad 6 mhéadar nó níos lú ó threalamh leictreach gan dul i dteagmháil le ESB Networks ar dtús. Déan iarratas ar mheasúnú saor in aisce trí do Chuntas ar Líne ESB Networks  chun comhairle a fháil. Chun do shábháilteacht a áirithiú, b’fhéidir go mbeadh gá ann an soláthar leictreachais a dhíscor ar feadh tamaill sula gcuirfear tús leis an mbearradh.
  • Ná dearmad go bhfuil sé de chumas sa leictreachas gníomhú trasna bearnaí agus ní gá go ndéanfá teagmháil dhíreach le sreang bheo, nó le trealamh leictreach, le bheith i ngarbhaol bháis nó fiú go marófaí thú.
  • Déan teagmháil i gcónaí le crannlia / gairmí bearrtha crann eile roimh ré. Is gníomhaíocht dhainséarach an bearradh crann.
  • Má tá crann á leagan agat, bí cinnte go mbeidh achar sábháilteachta ar a laghad dhá oiread airde an chrainn idir an crann agus aon chuaille leictreachais nó línte lasnairde atá i ngar dó.
  • Sula dtosaíonn an obair bhearrtha, ba chóir guaischrios a leagan amach atá ar laghad faoi fhad 6 mhéadar ó na cuaillí agus línte leictreachais atá sa timpeallacht. Ná bíodh aon obair ar siúl laistigh den ghuaischrios.
  • Bí an-chúramach go deo agus fásra á bhearradh agat in airde. 
  • Is é an cleachtas is fearr gan crann a phlandáil faoi línte cumhachta lasnairde. Cinnteoidh sé seo nach dtiocfaidh an crann in aice nó i dteagmháil le línte leictreachais sa todhchaí, agus cabhróidh sé linn an gréasán leictreachais a choinneáil slán, agus laghdófar líon na ngearrthacha cumhachta dá bharr.
  • Ba chóir oibreacha bearrtha crann a dhéanamh le linn an lae i gcónaí.

 

Bearradh Crann

We're here 24/7
Emergency / No Supply
1800 372 999
or 353 21 2382410
General Enquiries
1800 372 757
Mon - Fri | 08:30 to 18:00 | Sat | 08:30 to 13:30