Gealltanais don Earnáil Cógaisíochta

Breathnaigh ar roinnt de na gealltanais atá molta le tacú le ‘Beir Bua ar an mBuaic. Ar an earnáil cógaisíochta atá na cinn seo dírithe: 

An Gealltanas Uileghabhálach

Tionscnamh Samplach

kWh a d’fhéadfaí a shábháil 

Pleanáil d'aon ghnó

  • Nuair is féidir, bog na gníomhartha táirgthe siúd a bhíonn is déine ar fhuinneamh chuig uaireanta nach buaicuaireanta iad
  • Bíodh amanna tosaithe inneall ar eolas agat – déan iarracht gan innill throma a fhágáil ag réchasadh ná ar fuireachas
  • Bog luchtú feithiclí leictreacha (Flít agus Foireann) amach as na buaicuaireanta

50 luchtaire d’fheithiclí leictreacha agus 50 innealra tromshaothair a mhúchadh = 14,000 kWh

Múch é

  • Múch aon trealamh leictreach nach gá i monarchana agus in oifigí i rith na mbuaicuaireanta agus cinntigh go múchtar fearais ag deireadh an lae. 

2,000 monatóir agus ríomhaire glúine, 20 scáileán mór, 20 printéir = 6,000 kWh

Bí Cliste le Spás agus Soilsiú

  • Cuir soilsiú ‘cliste’ i bhfeidhm lena chinntiú nach mbíonn na soilse lasta in oifigí ná ar urlár na monarchan ach amháin nuair a bhíonn siad ag teastáil
  • Optamaigh an t‑aerchóiriú agus an téamh i spásanna oifige agus ar na hurláir tháirgthe.

50 solas tionsclaíoch agus 5 aonad aerchóirithe a mhúchadh = 840kWh

Déan ‘Cosantóirí’ d’Fhostaithe

  • Roghnaigh fostaithe áirithe le bheith ina ‘gCosantóirí Fuinnimh’, dream a dhéanfaidh a gcion féin le cur i bhfeidhm na ngealltanas a bhrú chun cinn. Mínigh d’fhostaithe céard is buaic‑amanna ann ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an bhfadhb. 

Cumasóir

*Idir 5‑7 i.n. (an buaic‑am, 2 uair an chloig) níos mó ná 12 chás (iomlán: 24 uair an chloig)

Nó, más mian leat do ghealltanais féin a dhéanamh, déan teagmháil linn. Is fearr an cur amach atá agat ar d’eagraíocht féin ná aon duine eile.  

Chun gealltanas a dhéanamh nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chugainn ag BTP@esb.ie

Get in Touch
Phone
1800 372 757