Gealltanais don Earnáil Seirbhísí Gairmiúla

Breathnaigh ar roinnt de na gealltanais atá molta le tacú le ‘Beir Bua ar an mBuaic. Ar thionscal na seirbhísí gairmiúla atá na cinn seo dírithe: 

An Gealltanas Uileghabhálach

Tionscnamh Samplach

kWh a d’fhéadfaí a shábháil 

Múch é

  • Cinntigh go múchtar gach trealamh leictreach/TF ag deireadh an lae
  • Múch fearais nach bhfuil in úsáid sa cheaintín / spás oifige
  • Spreag an fhoireann chun an staighre a úsáid ag na buaic‑amanna d’fhonn líon na dturas san ardaitheoir a laghdú
  • Spreag an fhoireann chun cáblaí cumhachta, scáileáin agus fearais leictreacha gan ghá a phlugáil amach i rith na mbuaicuaireanta

2000 monatóir agus ríomhaire glúine, 20 scáileán mór, 20 printéir = ~6000kWh

Bí Cliste le Spás agus Soilsiú

  • Cuir barr feabhais ar an spás oibre san oifig.
  • Cuir limistéir shoilsithe / théimh i bhfeidhm in oifigí
  • Cuir braiteoirí gluaisne i bhfeidhm le haghaidh na soilse in oifigí

Ná húsáid ach rogha seomraí cruinnithe agus fearais. 200 solas a athrú ina soilse LED = 60kWh

Déan ‘Cosantóirí’ d’Fhostaithe

  • Roghnaigh fostaithe áirithe le bheith ina ‘gCosantóirí Fuinnimh’, dream a dhéanfaidh a gcion féin le cur i bhfeidhm na ngealltanas a bhrú chun cinn
  • Cuir baill foirne ar an eolas faoi céard iad na buaic‑amanna agus cén fáth ar rud maith é úsáid fuinnimh a bhogadh chuig amanna eile

Cumasóir

Nó, más mian leat do ghealltanais féin a dhéanamh, déan teagmháil linn. Is fearr an cur amach atá agat ar d’eagraíocht féin ná aon duine eile.  

Chun gealltanas a dhéanamh nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chugainn ag BTP@esb.ie

Get in Touch
Phone
1800 372 757