Cén chaoi ar féidir linn cabhrú leat?
Bristeacha cumhachta
Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:
Ar líne:
Cuir glao ar:
Ní thabharfar. Ní thugaimid cúiteamh do chustaiméirí as gearrthacha cumhachta. Gné de ghréasán leictreachais is ea an chaoi go gcaithfear línte a lascadh as ó am go ham chun cothabháil a dhéanamh.
Tuigimid go gcuireann aon bhriseadh seirbhíse isteach ar chustaiméirí. Déanaimid gach iarracht obair a dhéanamh agus na línte beo. Is gá línte a mhúchadh in amanna, áfach, toisc go mbeadh sé róchontúirteach ag criúnna deisithe an líonra obair a dhéanamh orthu. Cé go ndéanaimid ár ndícheall na gearrthacha sin a laghdú, tá siad riachtanach chun seirbhís leictreachais níos fearr a chinntiú.
Táimidne freagrach as an Líonra ar fad suas go dtí Pointe an Mhéadaraithe. Tusa atá freagrach as an sreangú inmheánach. Déan na lasca tuisleacha agus na fiúsanna a sheiceáil. Féach ar an bhfíseán seo lena fhoghlaim:
Mura ndéanann sé sin an fhadhb a réiteach duit, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le conraitheoir cláraithe leictreachais cláraithe leictreachais.
Tochailt go Sábháilte
Ní féidir linn léarscáileanna a chur ar fáil lena mbailiú ach i gcásanna éigeandála. Cuir glao orainn leis seo a shocrú. Bíonn an tseirbhís seo ann ó Luan go hAoine.
Cuir glao ar
Is féidir. Déan teagmháil leis an Lár-Oifig Léarscáilithe Líonra le sonraí a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís seo.
Cuir glao ar
Tá léarscáileanna de na cábla faoi thalamh atá ag ESB Networks le fáil ón Rannóg Lár-Léarscáilithe.
R-phost
Cuir glao ar
1800 928 960 nó +353 (0) 1 8582060
Seolfaimid an léarscáil chugat laistigh de 10 lá oibre. Ní féidir linn léarscáileanna a chur ar fáil lena mbailiú ach i gcásanna éigeandála.
Íocaíochtaí as Cur Isteach de dheasca Crainn Leictreachais
Líon an fhoirm treorach íocaíochta atá ceangailte agus seol ar ais í chuig an seoladh thuas. Íoslódáil an Fhoirm Threorach um Íocaíocht Chúitimh Chrainn (PDF | 622 KB).
Sa tábla seo tugtar an sceideal íocaíochtaí do 2024.. Déantar nuashonrú ar na rátaí seo gach bliain de réir an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí.
Cuaille Adhmaid Aonair 38kV
Aicme Íocaíochta | Toisí | Íocaíochtaí Bliantúla as gach Crann (Euro) |
---|---|---|
A | Cuaille 38kV | €13.10 |
Tábla 1 - Rátaí Íocaíochta as Cuaille Adhmaid Aonair 38kV
Cuaillí Adhmaid Dúbailte
Aicme Íocaíochta | Toisí | Íocaíochtaí Bliantúla in aghaidh an Chrainn (Euro) |
---|---|---|
B | Níos lú ná 2.7m ar leithead | €19.73 |
B2 | Cuaille trí oiread ar 38kV | €39.45 |
C | Os cionn 2.7m ar leithead | €46.86 |
Tábla 2 - Rátaí Íocaíochta as Cuaille Adhmaid Dúbailte
Túr Cruach (Crann Uillinne)
Payment Class | Dimensions | Annual Payments per Mast (Euro) |
---|---|---|
D | Up to 3.0m | €41.26 |
E | >3.0m and <=3.8m | €45.68 |
F | >3.8m and <=4.6m | €59.24 |
G | >4.6m and <=6.1m | €78.89 |
H | >6.1m and <=7.6m | €92.57 |
I | >7.6m and <=9.1m | €114.74 |
J | >9.1m and <=10.7m | €141.91 |
K | >10.7m and <=12.2m | €189.61 |
L | >12.2m and <=13.7m | €209.03 |
M | >13.7m and <=15.2m | €257.57 |
N | >15.2m and <=16.8m | €282.26 |
O | Over 16.8 | €327.60 |
Table 3 - Payment Rates for Steel Tower (Angle Mast)
Íoslódáil an fhoirm dar teideal Foirm chun Cúiteamh a Éileamh as Crann Leictreachais PDF | 1 MB nó cuir glao orainn ar 1800 372 757 nó +353 21 2386555 le cóip a iarraidh. Seol an fhoirm líonta chuig:
Rannóg Riaracháin na gCrann Leictreachais
ESB Networks
Bóthar an tSáirséalaigh,
Wilton, Co. Chorcaí,
T12E367
Athruithe agus Obair ar Mhéadair
Cuir glao ar
1800 372 757 nó +353 21 238655
R-phost
Cuir glao ar
1800 372 757 nó +353 21 238655
R-phost
Beidh ort fios a bheith agat an bhfuil do sheirbhís lasnairde nó faoi thalamh.
Má tá fadhb voltais agat, seans go bhfeicfidh tú cuid na rudaí seo a leanas:
- Íslíonn na soilse nuair a úsáidtear fearais eile
- Ní bhíonn an pictiúr ar an teilifís seasmhach nuair a úsáidtear fearais eile
- Tógann sé tamall fada ar an gciteal uisce a fhiuchadh
- Teipeann ar mhótair leictreacha tosú an chéad uair
Tabhair do d'aire: Tarlaíonn fadhbanna den sórt céanna má tá acmhainn do naisc leictreachais sáraithe agat. Sa chás sin, beidh ort leibhéal do sholáthair a mhéadú.
Clárú
Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála a bhfuil naisc de dhíth orthu le haghaidh forbraíochtaí aonair nó ilaonad, mar aon leis na custaiméirí siúd atá ag iarraidh go ndéanfar an toilleadh a athrú.
Is féidir le custaiméirí tí agus custaiméirí tráchtála iarratas a dhéanamh ar líne chun athnascadh a fháil más rud é go bhfuil an t-áitreabh dínasctha le dhá (2) bhliain nó níos faide.
Sa chéad dul síos, caithfidh tú clárú le haghaidh Naisc ar Líne. Beidh fáil agat ar an bhfoirm iarratais ar líne ansin. Is féidir clárú le haghaidh Naisc ar Líne anseo.
Beidh seoladh ríomhphoist de dhíth ort. Úsáidfidh tú é sin am ar bith is mian leat dul chun cinn an iarratais a sheiceáil. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘Seol Cód Fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort an cód sin a fháil ó do chuntas ríomhphoist agus a chur isteach ar leathanach an chlárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe againn, beidh ort pasfhocal slán a chur isteach. Beidh tú cláraithe nuair a chliceálfaidh tú ar ‘Cláraigh’.
Beidh seoladh ríomhphoist de dhíth ort. Úsáidfidh tú é sin am ar bith is mian leat dul chun cinn an iarratais a sheiceáil. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘Seol Cód Fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort an cód sin a fháil ó do chuntas ríomhphoist agus a chur isteach ar leathanach an chlárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe againn, beidh ort pasfhocal slán a chur isteach. Beidh tú cláraithe nuair a chliceálfaidh tú ar ‘Cláraigh’.
Iarratas
Ní féidir iarratas a dhéanamh ar líne ar nasc gineadóra. Le faisnéis a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar nasc gineadóra, téigh chuig
Molaimid duit labhairt le do Chonraitheoir Leictreach sula gcomhlánaíonn tú an chuid den fhoirm a bhaineann le Toilleadh an Naisc lena chinntiú go gcuirfimid soláthar leordhóthanach ar fáil duit.
Beidh do chonraitheoir leictreachais in ann labhairt leat faoi riachtanais d’áitribh ó thaobh toilleadh/kVA de.
Léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis
Scála 1:2500 i gcás áitribh i gceantair faoin tuaithe agus 1:1000 i gcás áitribh i gceantair uirbeacha.
Plean Láithreáin
Scála 1:100 i gcás áitribh i gceantair faoin tuaithe agus 1:500 i gcás áitribh i gceantair uirbeacha.
Micrighineadóir a Nascadh
Ní bheidh. Ní cheanglaítear orthu siúd ar mian leo mionghineadóirí a nascadh iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntas le hÚdarás Tógála/Ceadúnas Giniúna a fháil mar go meastar iad a bheith údaraithe agus ceadúnaithe sa ghnáthchúrsa le hOrdú.
Tabhair do d'aire: Tá a leithéid de ghineadóirí faoi réir téarmaí agus coinníollacha áirithe a leagtar amach sna hOrduithe ábhartha (I.R. Uimh. 383 de 2008 agus I.R. Uimh. 384 de 2008).
D'fhéadfadh laghdú a theacht ar do bhille toisc nach mbeidh an oiread céanna cumhachta á tarraingt agat ón líonra leictreachais agus a bhíodh.
Mar sin féin, ní bheidh aon athrú ar an mbuanmhuirear.
Saincheisteanna Tráchtála - Gineadóir In-Athnuaite
Tabhair do d'aire: Braitheann na táillí nasctha ar an modh nasctha a roghnaítear.
Cheadaigh an CER cur chuige praghsála caighdeánaí i leith gineadóirí in-athnuaite a nascadh leis an líonra dáileacháin:
An córas táillí is infheidhme maidir le gineadóirí atá ag nascadh leis an líonra faoin gCur Chuige Próiseála Grúpa:
Saincheisteanna a ndéantar plé leo:
- Iarratais ar mhodhanna malartacha nasctha.
- Tionchar ar na táillí nasctha do ghineadóirí i gcás nach nglacann gineadóir amháin nó roinnt gineadóirí sa ghrúpa le tairiscint.
Gearrtar muirear oibríochta agus cothabhála ar:
- Gineadóirí, agus cothabháil san áireamh ann
- Rátaí
- Oibríochtaí
- Forchostais indíreacha atá inchurtha i leith chothabháil na saoráide
An Muirear Oibríochta agus Cothabhála:
(PDF | 206 KB)
Is iad na táillí atá leagtha amach sa Ráiteas Táillí atá ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Leictreachais (CER) a bheidh infheidhme maidir le soláthraithe leictreachais.
Ráiteas Táillí:
Saincheisteanna Teicniúla – Gineadóir In-Athnuaite
Coinníollacha Ginearálta:
- Na custaiméirí iompórtála uile a bhfuil acmhainn níos airde ná 100 cileavata-aimpéar (kVA) acu
- Custaiméirí a bhfuil giniúint leabaithe acu
- Comhghineadóirí cumhachta agus teasa (CHP)
- Uatáirgeoirí
Coinníollacha Ginearálta um Nascadh:
(PDF | 340 KB)
Coinníollacha teicniúla:
- Naisc do chustaiméirí atá nasctha ar Mheánvoltas (MV) nó 38 cileavata (kV)
- Custaiméirí a bhfuil giniúint leabaithe acu ar Ísealvoltas (LV), MV nó 38kV
Na coinníollacha lena rialaítear naisc leis an gcóras dáileacháin:
Íoslódáil an PDF
(PDF | 473 KB)
Coinníollacha ábhartha eile:
Cód Dáileacháin:
(PDF | 1 MB)
R-phost:
Tabharfar sonraí an duine teagmhála ó ESB Networks duit ag céim na tairisceana nasctha.
I gcás feirmeacha gaoithe atá níos mó ná 5 Meigeavata:
(PDF | 1 MB)
Tionscadal Fuinnimh In-Athnuaite faoi Stiúir an Phobail a Nascadh
Is éard is Pobal Fuinnimh Inathnuaite ann ná eintiteas dlíthiúil:
- Atá, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, bunaithe ar rannpháirtíocht oscailte agus dheonach, atá uathrialach, agus atá á rialú go héifeachtach ag scairshealbhóirí nó ag comhaltaí atá lonnaithe (i gcás FBManna nó údarás áitiúil) nó a bhfuil cónaí orthu (i gcás daoine nádúrtha) i gcóngar an tionscadail ECP atá faoi úinéireacht an eintitis dhlíthiúil sin agus á fhorbairt aige (nó atá beartaithe a bheith faoina úinéireacht agus á fhorbairt aige);
- Daoine nádúrtha, FBManna, údaráis áitiúla (lena n-áirítear bardais), eagraíochtaí neamhbhrabúis nó eagraíochtaí pobail áitiúil is ea na scairshealbhóirí nó na comhaltaí;
- I gcás aon scairshealbhóra nó comhalta (cé is moite de "Phobail Fuinnimh Inmharthana" mar atá cláraithe le SEAI), ní hí rannpháirtíocht an scairshealbhóra nó an chomhalta sin a phríomhghníomhaíocht tráchtála ná ghairmiúil;
- Arb é is príomhaidhm leis ná buntáistí comhshaoil, eacnamaíocha, sochaíocha nó sóisialta a bhaint amach dá scairshealbhóirí nó dá chomhaltaí nó do na ceantair áitiúla ina n-oibríonn sé, seachas brabús a dhéanamh;
- A bhfuil gach scairshealbhóir nó comhalta i dteideal vóta amháin ina leith, beag beann ar mhéid na scairsheilbhe nó an leasa; agus
- Atá cláraithe, nó a bhfuil scairshealbhóir nó comhalta amháin ar a laghad dá chuid cláraithe, mar "Phobal Fuinnimh Inbhuanaithe" le SEAI
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór do stiúrthóir cuideachta (an tIarratasóir) Foirm Dhearbhaithe maidir le Tionscadal faoi stiúir an Phobail (174 KB) a chomhlánú. Ní mór duit Foirm Iarratais NC5 (413 KB) nó Foirm Iarratais NC5A (259 KB) a chomhlánú freisin. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófá gach cuid ábhartha den fhoirm dhearbhaithe agus den fhoirm iarratais araon. Ba chóir go mbeadh na sonraí ar fad faoin láithreán agus an fhaisnéis ar fad faoin iarratasóir ag teacht le chéile ar an dá fhoirm. Tá eolas níos mionsonraithe faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag an nasc seo.
Le hiarratas a dhéanamh mar thionscadal faoi stiúir an phobail, ní mór do do thionscadal a bheith ag teacht leis na ceanglais seo:
- Uasacmhainn Easpórtála (MEC) níos mó ná 0.5 MW nó cothrom leis agus níos lú ná 5 MW nó cothrom leis;
- Úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí giniúna fuinnimh in-athnuaite seo a leanas (agus ní in éineacht le teicneolaíochtaí giniúna neamh-in-athnuaite): tuirbíní gaoithe (gaoth), grianphainéil fhótavoltacha (grianchumhacht), tuirbíní hiodrálacha (uisce), ach gan tionscadail taiscthe caidéalaithe, tionscadail dramhaíl go fuinneamh, tionscadail bhithmhaise agus tionscadail bhithgháis a áireamh.
Ina theannta sin, caithfidh an tionscadal faoi stiúir an phobail a bheith ag teacht leis na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ag gach tráth ábhartha, caithfidh an tionscadal a bheith faoi úinéireacht 100%* ar a laghad Pobal Fuinnimh In-Athnuaite (an "Pobal Fuinnimh In-Athnuaite Ábhartha"), trí bhíthin (i) sócmhainní an tionscadail ECP a bheith faoina úinéireacht dhíreach, nó (ii) na scaireanna sa ghineadóir a bheith faoina úinéireacht dhíreach; agus
(b) ag gach tráth ábhartha, caithfear 100%* ar a laghad de na brabúis, de na díbhinní agus de na barrachais ar fad a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal a chur ar ais chuig an bPobal Fuinnimh In-athnuaite Ábhartha.
Mionghiniúint a Nascadh
D'fhéadfadh laghdú a theacht ar do bhille toisc nach mbeidh an oiread céanna cumhachta á tarraingt agat ón líonra leictreachais agus a bhíodh. Mar sin féin, ní bheidh aon athrú ar an mbuanmhuirear.
Cinnte. Is féidir leat mionghineadóir a nascadh i dtreocheangal le ESB Networks ar chuntar go bhfuil na ceanglais atá sa doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" comhlíonta agat.
Le heolas a chur ar an bpróiseas, léigh an doiciméad "Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Mionghiniúna" (Íoslódáil an PDF | 503 KB).
Ar mhaithe le sábháilteacht, ní ceadmhach aon ghineadóir atá nasctha leis an Líonra Leictreachas a fheidhmiú má bhíonn an soláthar leictreachais múchta nó dífhuinnmhithe. Is ceanglas é a bhaineann leis an gcineál seo naisc go múchann an mionghineadóir é féin go huathoibríoch nuair nach mbíonn nasc leictreachais ESB Networks ar fáil.
Logáil isteach i do Chuntas ar Líne
Cén chaoi ar féidir liom mo Chuntas ar Líne ESB Networks a scriosadh?
Mo MPRN a Aimsiú agus a Nascadh
Éilíonn ESB Networks ort a fhíorú gur tusa custaiméir cláraithe an MPRN chun rochtain a fháil ar go leor de na seirbhísí atá ar fáil ar do Chuntas ar Líne ESB Networks. Chun é sin a dhéanamh, seoltar SMS chuig an bhfón póca a bhaineann leis an MPRN sin. Is éard atá i gceist anseo ná an uimhir fóin póca a thug do sholáthraí leictreachais do ESB Networks. Nuair a dhéanann tú iarracht an MPRN a nascadh, taispeántar ar an scáileán na trí dhigit dheireanacha den uimhir fóin póca a gcuirfear an SMS chuige.
Bíodh sin mar atá, NÍ MÓR don uimhir fóin póca agus don ainm atá cláraithe ar do chuntas a bheith ag teacht leis na sonraí a thug do sholáthraí leictreachais dúinn nó ní sheolfar an SMS. Cinntigh go n‑úsáidfidh tú na sonraí a luaitear ar do bhille leictreachais le clárú.
Ní mór gur tusa an custaiméir atá cláraithe leis an MPRN chun é a nascadh le do Chuntas ar Líne ESB Networks. Más rud é go bhfuil tú díreach tar éis bogadh isteach in áitreabh agus nach bhfuil tú cláraithe go hiomlán le soláthraí fuinnimh go fóill, ní bheidh tú in ann an MPRN a nascadh. A luaithe a bheidh tú cláraithe leis an MPRN, áfach, beidh tú in ann teacht ar ais chuig do Chuntas ar Líne ESB Networks agus an MPRN a nascadh le do chuntas.
D’fhéadfadh sé go mbainfí d’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) de do Chuntas ar Líne ESB Networks má thug tú le fios ar an láithreán gréasáin roimhe seo gur mhaith leat go mbainfí amhlaidh.
Rud eile a d’fhéadfadh tarlú ná athrú ar an úinéireacht dhlíthiúil, rud a d’fhágfaí nach tusa custaiméir cláraithe an MPRN sin a thuilleadh, m.sh. níl cónaí ort san áitreabh sin a thuilleadh. Más rud é go raibh míthuiscint ann, glaoigh ar ESB Networks ar 1800 372 757. Má tá tú taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar 021 2386555.
Seirbhís Léitheoireachta Méadair ar do Chuntas ar Líne
Iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Bearrtha Crann trí do Chuntas ar Líne
Ní féidir le custaiméir ach iarratas amháin ar an tseirbhís bearrtha crann a dhéanamh in aghaidh gach MPRN atá luaite lena Chuntas ar Líne ESB Networks. Beidh sé seo amhlaidh go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ag ESB Networks ar an ordú.
Chun d'ordú seirbhíse bearrtha crann a chur ar ceal, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh lenár nIonad Náisiúnta Teagmhála do Chustaiméirí anseo.
Cinntigh le do thoil go bhfuil do MPRN agus / nó d'uimhir dheimhnithe ordaithe ar láimh agat.
Iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Athshreangaithe trí do Chuntas ar Líne
Gheobhaidh custaiméirí deimhniú go bhfuarthas a n-iarratas fad is atá siad logáilte isteach sa Chuntas ar Líne, agus seolfar deimhniú chuig an seoladh r-phoist atá luaite leis an gCuntas ar Líne. Is ón seoladh r-phoist no-reply@customerportal.esbnetworks.ie a sheolfar an deimhniú.
Mura bhfaigheann tú r-phost ó ESB Networks, féach i d’fhillteán dramhphoist.
Ní féidir le custaiméir ach iarratas amháin ar an tSeirbhís Athshreangaithe a dhéanamh in aghaidh gach MPRN atá luaite lena Chuntas ar Líne. Chomh luath agus atá an t-iarratas tosaigh sin curtha i gcrích agat, beidh sé de chead agat iarratas eile a dhéanamh más gá.
Chun d'ordú Seirbhíse Athshreangaithe a chur ar ceal, ní mór teagmháil a dhéanamh lenár nIonad Náisiúnta Teagmhála do Chustaiméirí tríd an r-phost nó ar an bhfón 1800 372 757 nó 021 2386555.
Íoc as Seirbhís agus Rochtain a fháil ar Shonraisc trí do Chuntas ar Líne.
Má íocann custaiméir as ordú seirbhíse i rith an phróisis iarratais, gheobhaidh siad admháil íocaíochta tríd an bpost agus beidh an admháil ar fáil freisin tríd an gCuntas ar Líne atá luaite leis an MPRN (Uimhir Thagartha Mhéadarphointe) sin.
Tabhair do d’aire nach seolfar cóip chrua de shonrasc tríd an bpost maidir le haon seirbhís athshreangaithe a iarradh agus a íocadh as tríd an gCuntas ar Líne. Is sa Chuntas ar Líne amháin a bheidh an sonrasc sin ar fáil.
Nuair a íocann custaiméir as seirbhís, tógann sé suas le dhá lá chun a chuntas a nuashonrú. Chomh luath agus a dhéantar an cuntas a nuashonrú, beidh an sonrasc le feiceáil sa Chuntas ar Líne.
Iarratas ar Mheasúnú ar Fhadhb Voltais a dhéanamh trí do Chuntas ar Líne.
Gheobhaidh custaiméirí deimhniú go bhfuarthas a n-iarratas fad is atá siad logáilte isteach sa Chuntas ar Líne, agus seolfar deimhniú chuig an seoladh r-phoist atá luaite leis an gCuntas ar Líne.Is ón seoladh r-phoist no-reply@customerportal.esbnetworks.ie a sheolfar an deimhniú. Mura bhfaigheann tú r-phost ó ESB Networks, féach i d’fhillteán dramhphoist.
Ní féidir le custaiméir ach iarratas amháin ar an tseirbhís mheasúnaithe ar fhadhb voltais a dhéanamh in aghaidh gach MPRN atá luaite lena Chuntas ar Líne. Chomh luath agus atá an t-imscrúdú déanta agus clabhsúr curtha air, beidh sé de chead agat iarratas eile a dhéanamh más gá.
Chun d'ordú ar mheasúnú faidhbe Voltais a chur ar ceal, ní mór teagmháil a dhéanamh lenár nIonad Náisiúnta Teagmhála do Chustaiméirí tríd an r-phost nó ar an bhfón ag 1800 372 757.